18 Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:
Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.
Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
Má atá naċ ḃfuil mo ṫiġ marsin ag Día; giḋeaḋ do rinne sé ceangal síorruiḋe riomsa, órduiġṫe ann gaċ uile ní, agus daingion: óir sé so mo ṡlánuġaḋsa uile, agus mfonn uile, mátá naċ dtiuḃra seision air fás.
Agus do ríaġluiḋ Solaṁ ós cionn a nuile rioġaċd ó naḃuinn go críċ na Ḃṗilistineaċ, agus go brúaċ na Hégipte: do ḃeirdís tioḋluicṫe leó, agus do rinneadar seirḃís do Ṡolaṁ ar feaḋ laéṫe a ḃeaṫa.
¶ Mar an gcéadna fa namsin féin do ċonnuiṁ Solaṁ an féusta seaċd lá, agus Israel uile na ḟoċair, coiṁṫionól roṁór, ó ḋul a steaċ Hámot go sruṫ na Hégipte.
Do ḃádar riġṫe cuṁaċtaċa mar an ccéadna ós cionn Ierusalem, noċ do ríaġluiḋ ós cionn a niomláin táoḃ ṫall daḃuinn; agus do híocaḋ cíos, cáin, agus cusṫum ríu.
Agus fúair tú a ċroiḋe fírinneaċ ad ḟiaġnuise, agus do rinne tú cunnraḋ ris, dúiṫċe na Ccanaaniteaċ, agus na Hittiteaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Girgasiteaċ, do ṫaḃairt dá ṡíol, agus do ċoṁuill tú do ḃríaṫra; óir atá tú fíréanta:
Oír raċuiḋ Maingeal roṁad, agus do ḃeura a steaċ ṫu ċum na Namoríteaċ, agus ċum na Hítiteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Gcananíteaċ, no Hiḃíteaċ, agus na Iebusiteaċ: agus gearrfa mé amaċ íad.
Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Coíṁedsa an ní áiṫeonus mé ḋiot annsa ló niuġ: féuċ, tiomaínfe mé a maċ roṁad an Tamoríteaċ, agus an Cananíteaċ, an Hitíteaċ, agus an Perisíteaċ, agus an Hiḃiteaċ, agus an Iebusíteaċ.
Oír teilgfe misi na ciniḋeaċa a ṁaċ roṁad, agus leígfe mé fairsinge ċum do ṫórannaḋ: ní mó iarrfas éanduine do ḋúṫaiġ, an tan raċus tú súas dot ṫaisbeanaḋ feín a laṫair an TIĠEARNA do Ḋía trí huaire san mblíaḋuin.
Agus béura mé asteaċ siḃ san tír, lé ttug mé mionna go ttiuḃruinn í do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; agus do ḃéur ḋaóiḃsi í mar oiġreaċd: is misi an TIĠEARNA.
¶ Agus tiucfa a ccríċ annsa ló sin, go mbuáilfiḋ an TIĠEARNA ó ġrinnioll an tsroṫa go caise na Hégipte, agus cruinneoċṫar siḃ áon air áon, siḃsi a ċlann Israel.
Ann sin cuiṁneoċa misi mo ċunnraḋ ré Iácob, agus mar an gcéadna mo ċunraḋ ré Hisaac, agus cuiṁneoċá mé mar an ccéadna mo ċunraḋ ré Habraham; agus cuiṁneoċa mé an dúṫaiġ.
Aċd cuiṁneoċa mé ar a sonsan cunraḋ a sinnsear, noċ ṫug mé a maċ as críċ na Hégipte a raḋarc na ngenteaḋ, Ionnus go mbéinn am Ḋía aca: is misi an TIĠEARNA.
Agus ní ṫug sé oíġreaċd ḋó ann, go fíu leiṫead troiġṫe: bíoḋ gur ġeall sé a ṫaḃairt mar ṡeilḃ ḋó féin, agus dá ṡíol na ḋíaiġ, gé báċ raiḃ clann fós aige.
Gaċ uile ḃall a sailteoruiḋ boinn ḃur ccos buḋ liḃ féin é: ón ḟásaca agus ó Lebanon, ó naḃuin, aḃann Euṗrátes, eaḋon go nuige an ḃfairge is faide amaċ is eaḋ ḃías ḃur ttéora.
¶ A nuair ḟairseongas an TIĠEARNA do Ḋía do ṫéora, mar do ġeall sé ḋuit, agus déara tusa, Iosa mé feóil, (do ċionn go ḃfuil fonn féola ar hanum); is féidir leaċd féoil díṫe, giḋ bé ar biṫ a mbiáiḋ dúil ag hanam ann.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Sí so an dúiṫċe do ṁionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ġá raḋ, Do ḃéara mé so dot ṡlioċd: ṫug mé ortsa a faicsin red ṡúiliḃ, aċ ní raċa tú inte anonn.
Anuair do ḃéura an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don tír a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, agus ar tteilgean amaċ ṁóráin cineaḋaċ roṁad, na Hititiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ, seaċd gcíneaḋaċa ba ṁó ná siḃse agus ba cuṁaċduiġ;
O Ṡihor, noċ atá as coinne na Hégipte, air fad go himliḃ Ecron buḋ ṫúaiḋ, noċ áirṁiṫior do na Canaanítiḃ: cuig Tiġearnuiġ na Ḃfilistineaċ; na Gasatitiġ, agus na Hasdotítiġ, na Hescalonítiġ, na Gittitiġ, agus na Hecronítiġ; mar an gcéadna na Haḃitiġ: