¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
Ad haġaiḋsi, féin aṁáin, do ṗeacaiḋ mé, agus ad raḋarcsa do rinneas an tolc: ċum go ḃfíoruiġṫear ṫusa ann hurlaḃra, agus go raḃair fíorġlan ann do ḃreiṫeaṁnus.
Agus táinic a ccriċ, san meaḋon oiḋċe gur ḃuail an TIĠEARNA a nuile ċéidġin a dtir a Négipt, ó ċéidġin Ṗárao noċ do ṡuiḋ na ċaṫaóir ríoġa, go céidġin na braiġde do ḃí san ṗríosún; agus a nuile ċéidġin na hairnéisi.
Aċd do ḋéuna misi breiṫeaṁnus ar an gcineaḋ aga mbíaiḋ síad fá ḋáoirse, do ráiḋ Día: agus ná ḋíaiġ sin raċaid síad amaċ, agus do ḋéunuid seirḃís ḋaṁsa sa nionadsa.
Aċ do ġlac an TIĠEARNA siḃsi, agus ṫug amaċ siḃ as an ḃfuirnéis íaruinn, amaċ as an Négipt, go mbeiṫ siḃ mar ṗobal oiġreaċda aige féin, mar atáṫáoi a niuġ.
Oír sé ar TIĠEARNA Día ṫug súas sinn, agus ar naiṫre as críċ na Hégipte, ó ṫiġ na daóirsi, agus noċ do rinne na coṁarṫuiḋe móra sin ann gaċ uile ṡliġe a ndeaċamar, agus a measc gaċ uile ṗobal tré ar ġaḃamar:
A nuáír ṫáinic Iácob a steaċ don Négipt, agus do éiġṁeadar ḃur naiṫre air an TTIĠEARNA, ann sin do ċuir an TIĠEARNA Máoisi agus Aaron ċugaiḃ, noċ ṫug ḃur naiṫre amaċ as an Négipt, agus ṫug orra coṁnuiġe ḋéanaṁ san náitsi.