8 Agus do ċuaiḋ amaċ ann sin riġ Sodom, agus riġ Gomorrah, agus riġ Admaih, agus riġ Seboiim, agus riġ Béla eaḋon Soar; agus dḟearadar caṫ ríu a ngleann Siddim.
Agus do ḃí téorann na Gcanáaniteaċ o Ṡidon, mar ṫig tú go Gérar, go Gása; mar ṫéid tu go Sodom, agus go Gomorrah, agus Admah, agus Seboim, agus mar sin go Lasa.
Agus do ṫóg Lot a ṡuile súas, agus do ċonnairc réiteaċ Jordan uile, go raiḃ uisge go maiṫ an gaċ éun taoḃ, suil do scrios an TIĠEARNA Sodom agus Gomorrah, eaḋon aṁuil gáirdin TIĠEARNA, cosṁuil re talaṁ na Héigipte, mar ṫig tú go Soar:
Agus do ḃí gleann Siddim lán do lóguiḃ pice talṁuiḋe; agus do ṫeiṫriġ Sodom agus Gomorrah, agus do ṫuiteadur ionta sin; agus an ṁéid do ṁair do ṫeiṫeadar fán tsliáḃ.
¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.