Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 14:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus annsa ceaṫraṁaḋ Bliaḋain déug tainic Ċedorlaomer, agus na riġṫe do ḃí na ḟoċair, agus do ḃuáileadur na Reṗamiġ an Asterot Carnaim, agus na Susimiġ ann Ham, agus na Hemimiġ an Saḃeh Ciriataim,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 14:5
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Da ḃliaḋain deúg do ḃádur ag seir ḃis do Ċedorlaomer, agus ar an treas bliaḋain déug do ċogadur na naġuiḋ.


Agus na Hititiġ, agus na Perisitiġ, agus na Reṗamitiġ.


Agus do ċúaiḋ triúr don tríoċad dob oirḋearca síos, agus tangadar go Dáiḃi annsa ḃfóġmbar go huaiṁ Adullam: agus do ṡuiġeadar slúaġ na Ḃṗilistineaċ a ngleann Reṗaim.


Aċd a núair tangadar na Ṗilistiniġ agus do leaṫnuiġeadar íad féin a ngleann Reṗaim.


¶ Agus do ċúadar na Ṗilistiniġ súas fós a rís, agus do leaṫnuiġeadar íad féin a ngleann Reṗaim.


Anois do ċúaiḋ triúr don tríoċad caiptín síos go ccaruig Ḋáiḃi, go húaṁaiġ Adullam; agus do ṡuiġeadar slúaġ na Ḃṗilistineaċ a ngleann Reṗaim.


Agus ṫangadar na Ṗilistiniġ agus do leaṫnuiġeadar íad féin a ngleann Reṗaim.


Agus fúaradar deiġmḃior méiṫ, agus do ḃí an dúiṫċe fairsing, suáiṁneaċ, agus sioṫċánta; óir is íad muinntir Ham do áitreiḃ ann sin a nallúd.


Agus do ċúaiḋ Israel don Négipt; agus do ċoṁnuiḋ Iácob a ttalaṁ Ċam.


Do ċuireadarsan iona measg bríaṫra a ċoṁarṫaḋ, agus ionganta a ttalaṁ Ċam.


Ionganta a ttalaṁ Ċam, neiṫe úaṫḃásaċa ag an muir Ruáiḋ.


Agus do ḃuáil sé céidġeine na Hégipte; tosaċ a néirt a bpáilliúnuiḃ Ham:


Agus is aṁluiḋ ḃías a nuáir ċruinneoċus fear a nfoġṁair an tarḃar, agus ḃeanfas sé na déusa le na láiṁ; agus biáiḋ sé aṁuil an té ċruinniġios déasa a ngleann Reṗaim.


Anaġaiḋ Ṁoab is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; A ṁairg do Nebo! óir atá sí airgṫe: do náiriġeaḋ Ciriataim agus do ġaḃaḋ í: atá a Misgab ar na náiriuġaḋ agus atá sí anḃfann.


Agus ar Ċiriataim, agus ar Ḃetgamul, agus ar Ḃet‐meon,


Agus do ċuireadar clann Réuben súas Hesbon, agus Elialeh, agus Círiataim,


Tar éis Sihon riġ na Namoríteaċ do ṁarḃaḋ ḋo, noċ do áitreiḃ ann Hesbon, agus Og ríġ Básan, noċ do áitreiḃ ann Astarot ann Edréi:


Oír do bé Og riġ Básan aṁáin do ṁair dtuiġioll na naiṫeaċ; féuċ, do ḃí a leaba na leaba híarann; naċ ḃfuil sí a Rabbat ċloinne Ammon? náoi ccuḃaid do ḃí na fad, agus ceiṫre cuḃaid na leiṫead, do réir ċuḃad fir.


Agus ṫug mé an ċuid oile do Ġilead, agus Básan uile, eaḋon rioġaċd Og, do leiṫ ṫreiḃe Manasseh; rioġaċd Argob, uile maille re Basan uile, noċ dá ngorṫáoi dúṫaiġ na naiṫeaċ.


Nó go ttugaiḋ an TIĠEARNA suáiṁneas dá ḃur ndearḃraiṫriḃ, coṁmaiṫ agus dáoiḃsi, agus nó go sealḃuiġid síad mar an gcéadna an fearann ṫug an TIĠEARNA ḃur Ndía ḋóiḃ táoḃ ṫall do Iordan: agus annsin fillfiḋe gaċ éanduine aguiḃ ċum a ṡeilḃe, noċ ṫug misi ḋáoiḃ.


Ní ḃiáiḋ eagla oruiḃ rompa: óir troidfiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía ar ḃur son.


Agus cósta Og ríġ Básan, noċ do ḃí dfuiġioll na naiṫeaċ do áitreaḃ an Astárot agus ann Edrei,


Agus rioġaċd Og uile a Mbásan, noċ ba ríġ ann Astárot agus an Edrei, noċ do ṁair dfuiġioll na naiṫeaċ: óir is íadso do ḃúail Máoisi, agus do ṫeilg sé amaċ.


Agus Círiataim, agus Sibmah, agus Saretsahar a slíaḃ an ġleanna,


Agus leaṫ Gílead, agus Astárot, agus Edrei, caiṫreaċa do rioġaċd Og a Mbásan, noċ do ḃain re cloinn Ṁaċir ṁíc Manasseh, eaḋon do leaṫ ċloinne Maċir do réir a mumtear.


Agus a nuile ní da ndéarna sé ré ḋá ríġ na Namoriteaċ, do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, ré Sihon ríġ Hesbon, agus ré Og ríġ Básan, noċ do ḃí ann Astárot.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ