Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 14:20 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Agus go maḋ beannuiġe an Día as ro áirde, noċ do ṫoirḃir do naiṁde ann do láiṁ: agus tug se deaċṁaḋ a nuile neiṫe ḋó.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 14:20
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt riġ Sodom ré Habram, Taḃair ḋaṁsa na pearsanna, agus glac an ṁáoin ḋuit féin.


Agus a dúḃairt sé, Go maḋ beannuiġe an TIĠEARNA Día mo ṁaiġistir Abraham, naċ ar ḋearmuid mo ṁaiġistir ann a ṫrócaire, agus ann a ḟírinne: ar mbeiṫ ḋaṁsa ar sliġe, do ṫreóruiġ an TIĠEARNA mé go tiġ ḋearḃráiṫreaċ mo ṁaiġistir.


Agus an ċloċsa, do ċuir mé mar ṗiléir, biaiḋ na ṫiġ Dé: agus do nuile ní dá ttiuḃra tú ḋaṁ do ḃéura misi go dearḃṫa a ḋeaċṁaḋ ḋuitsi.


Agús tiucfaiḋ a ccríċ ann sa mbiseaċ, go ttiuḃarṫáoi an cúigeaḋ cuid do Ṗárao, agus biaiḋ ċeiṫre ċuid aguiḃ féin, ċum síl a nfearainn, agus ċum ḃur mbeaṫa, agus do ṁuinntir ḃur ttiġe, agus mar ḃeaṫa dá ḃur leanbuiḃ.


Agus do rinne Ióseṗ sin na ḋliġeaḋ ar feaḋ ċríċe na Hégipte gus a niuġ, go ḃfuiġe Ṗárao an cúigeaḋ cuid; aċd aṁáin fearann na sagart, noċ naċ ráinic ċum Ṗárao.


Agus a duḃairt; go maḋ beannuiġe TIĠEARNA Día Ṡem; agus biaiḋ Cánáan na ṡeirḃíseaċ aige.


Agus do ġoir Ahimaas, agus a dúḃairt ris an ríġ, Atá gaċ éinní gó maiṫ. Agus do léig sé é féin síos go lár ar aġaiḋ a laṫair an ríġ, agus a dúḃairt, Go maḋ beannaiġ do ṪIĠEARNA Día, noċ do ṡeaċaid súas na daoine do ṫóg a láṁa a naġaiḋ mo ṫiġearna an ríġ.


Agus ṫugadar a steaċ na hofrála agus na deaċṁaḋa agus na neiṫe coisreacṫa go firinneaċ: ós cionn a raiḃ Cononiah an Leḃíteaċ na ḟéaḋmannaċ, agus buḋ é Símei a ḋearḃráṫair bá foigsi ḋó.


Agus go ttiuḃraimís primidil ar ttaóis, agus ar nofrála, agus toraḋ a nuile ṡórt crann, dfíon agus dola, ċum na sagart, go séomraḋuiḃ ṫiġe ar Ndé; agus deaċṁaḋa ar ḃfearuinn do na Leḃitiḃ, ċor go ḃfuiġedís na Leḃitiġ sin deaċṁaḋa ann uíle ċaiṫreaċuiḃ ar ttreaḃṫa.


Ann sin ṫúg Iúdah uile deaċṁaḋ a narḃa agus a nfíona nuáiḋ agus na hola gus na stórúisuiḃ.


Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA mo ċarruic, noċ ṁúinios mo láṁa ċum caṫa, mo ṁéir ċum cogaiḋ.


Oír ní re na gcloiḋeaṁ do ġaḃadar oiġreaċd a nfearuinn, agus ní hí a láṁ féin do ṡáor íad: aċt do láṁ ḋeassa, agus do ríġ, agus solus haiġṫe, do ḃríġ go raiḃ tú faḃarṫaċ ḋóiḃ.


Go maḋ beannuiġ an TIĠEARNA, noċ ṫréoruiġios sinn go láeṫeaṁuil, Día ar ṡlánuiġṫe. Selah.


Agus a duḃairt Iétro, Gó maḋ beannuiġe an TIĠEARNA, noċ do ṡáor siḃ ó laṁuiḃ na Négipteaċ, agus as laṁ Ṗarao, noċ do ṡaor na daoine ó ḃe faói laṁ na Negiptaċ.


¶ Tigiḋ go Bet‐el, agus sáruiġiḋ; ann Gilgal oirlíonuiḋ peacaḋ; agus tugaiḋ ḃur níoḋbarṫa liḃ gaċ maidin, agus ḃur ndeaċṁaḋa tar éis ṫrí mblíaḋan:


Tugaiḋ an deaċṁaḋ uile go tiġ a nionnṁuis, le mbí biáḋ ann mo ṫiġse, agus dearḃuiḋ a nois le so mé, a deir TIĠEARNA na slóġ, muna noscla mé fuinneóga neiṁe ḋíḃ, agus beannuġaḋ do ḋórtuġaḋ ċugaiḃ amaċ, iondus naċ bía áit go lór.


¶ An sladfa duine Día? giḋeaḋ do ṡladaḃairsi misi. Aċt a dearṫáoi, Cred ionar ṡladamar ṫú? A ndeaċṁaḋuiḃ agus a nofraluiḃ.


¶ Mar an gceádna a ló na gcéadṫoraḋ, a nuáir do ḃéarṫáói ofráil nuáiḋḃíḋ ċum an TIĠEARNA, déis ḃur seaċdṁuineaḋ do ḃeiṫ caiṁte, biáiḋ aguiḃ coṁġairm náoṁṫa; ní ḋéantáoi obair ṡáoṫraċ ar biṫ:


Troisgim fá ḋó ann sa tseaċdṁuin, do ḃeirim deaċṁuiḋ as gaċ ní ḋá sealḃuiġim.


Ionnus go mbéinn am óglaċ ag Iósa Críosd a measg na Gcineaḋaċ, ag miniosdralaċd soisgéil Dé, do ċum go mbeiṫ gean ar ofrail na Gcineaḋaċ, ar mbeiṫ ḋi náoṁṫa trés an Spiorad Náoṁ.


Glóir agus molaḋ do Ḋía, eaḋon Daṫair ar Dtiġearna Iósa Críosd, noċ do ḃeannuiḋ sinn lé gaċ uile ḃeannaċdaḋ sbioralta sna neíṫiḃ neaṁḋa a Gcríosd:


¶ Ní héidir leaċd deaċṁaḋ harḃair diṫċe táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ, nó ṫfíona, nó hola, nó primidil healḃana nó do ṫréud, nó éanṁóid dá ttug tú, no hofráil ṫoileaṁuil, nó ofráil ṫógṫa do láiṁe:


¶ Agus íosa tú a ḃfiaḋnuisi do ṪIĠEARNA Dé, san náit noċ ṫoiġfeas sé a ainm do ṡuíḋiuġaḋ ann, deaċṁaḋ harḃa, ṫfíona, agus hola, agus primidil tsealḃann agus do ṫréud; ċor go ḃfoġlamaiḋ tú eagla do ṪIĠEARNA Dé do ḃeiṫ ort a gcoṁnuiḋe.


¶ A ndeireaḋ ṫrí mblíaḋan do ḃeura tú amaċ deaċṁuiḋ do ḃisiġ uile an ḃlíaḋuin sin féin, agus cuirfe tú a ttaisge í taoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ:


Agus do ġaḃ Iosua na ríġṫesin uile agus a ndúiṫċe a néainḟeaċd, do ċionn gur ṫroid an TIĠEARNA Día Israel ar son Israel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ