¶ Agus do ċuir Dáiḃi teaċda go muinntir Iabes‐gílead, agus a duḃairt sé ríu, Go maḋ beannuiġ siḃ ón TTIĠEARNA, noċ do ṫaisbéin an cinéulsa dá ḃur ttiġearna, do Ṡaul, agus do aḋlaic é.
¶ Cioḋ le ttiucfa mé a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, agus lé ccláonfad mé féin a laṫair an Dé aird? an ttiucfa mé dá laṫair le hofráluiḃ loisge, le gaṁnuiḃ do ḃlíaḋain dáois?
Mar so ofráilfe siḃse fós ofráil ṫógṫa don TIĠEARNA da ḃur nuile ḋeaċṁuiḋ, noċ ġlacfuiḋe ó ċloinn Israel; agus do ḃéarṫáoi ḋe sín ofráil ṫógṫa an TIĠEARNA do Aáron an sagart.
A duḃairt, an té do ċúaluiḋ bríaṫra Dé, agus do ṫuig eólus an té is roáirde, do ċonnairc fis a Nuileċuṁaċduiġ, ag tuitim a néull, aċd a ṡúile foscuilte:
Agus a duḃairt seision, Go maḋ beannuiġ ḃías tusa ón TIĠEARRNA, a inġean; óir is mó an cineul do ṫaisbein tú fá ḋeireaḋ ná ar ttosaċ, do ḃríġ nár lean tú dáoine óga, maḋ saiḋḃir no daiḋḃir.