Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 14:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Agus a nuair do ċúaluiḋ Abram go raiḃ a ḋearḃraṫair gaḃṫa na ṗriosúnaċ, do árṁuiġ se a ṡerḃísiġ soiġdiurṫa rugaḋ ann a ṫiġ féin, trí ċéud agus oċd ḃfir ḋéug, agus do ṫóruiġ iadsan go Dan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 14:14
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃi Ṗárao go maiṫ ré Abram air a son: agus do ḃádar cáoiriġ aige, agus daiṁ agus ásail, agus seirḃisiġ ḟear agus seirḃisiġ ban, agus banassail, agus cáṁúill.


Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin.


Agus a duḃairt Abram ré Lot, Guiḋim ṫú, na bíoḋ ceannairge ar biṫ eadrumsa agus tusa, nó idir máoḋairiḃ agus ṫáoḋairiḃ: óir is dearḃráiṫre sinn.


Agus do ġaḃadur Lot, mac dearḃraṫar Abram, noċ do áitreaḃ a Sodom, agus a ṁáoin, agus do imṫiġeadur.


Agus tug na creaċa uile ar a nais, agus fós tug ar ais a ḋearḃraṫair Lot, agus a ṁaiṫeas, agus na mná fós, agus na dáoine.


Agus a duḃairt Abram, Féuċ, ní ṫug tú síol ar biṫ ḋaṁ; agus féuċ, áon rugaḋ ann mo ṫiġ, asé is oiġre oram.


Agus an mac ḃías oċd la dáois eadruiḃ timċiollġearrfar é, gaċ uile ġein ṁic ann ḃur ngeinealaċuiḃ, an té ḃéarṫar annsa tiġ, no ċeannoċar ar airgead ó ċoiṁiṫiġeaċ ar biṫ, naċ bfuil dot ṡíolsa.


Agus do ġlac Abraham a ṁac Ismael, agus gaċ a rugaḋ ann a ṫiġ, agus gaċ ar ceannċaḋ ar a ċuid airgid, gaċ uile ḟirionnaċ a measg ḋáoine ṫiġe Abraham; agus do ṫimċillġearr feóil a réuṁċroicinn annsa ló sin féin, mar a duḃairt Día ris.


Agus a nuile ḟear ann a ṫiġ, rugaḋ sa tiġ, agus do ċeannċaḋ ar airgead ón ċoiṁiġṫeaċ, do timċillġearraḋ iad maille ris.


Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.


Eísd rinne a ṫiġearna: a táoisi ad ṗrionnsa ċuṁaċdaċ eadruinne, cuir do ṁairḃ an do roġa róiṁ aḋlaice dá ḃfuil aguinn: ní ċoinneoċuiḋ áonduine aguinn a ṫúma uáit.


Marsin do áontuiġ Ben‐hadad lé ríġ Asa, agus do ċuir caiptíniġ a ṡluáiġ do ḃí aige a naġaiḋ caiṫreaċ Israel, agus do ṁill sé Iion, agus Dan, agus Abel‐bet‐maaċah, agus Cinnerot uile, maille re tír Napṫtali uile.


Teiṫid ríġṫe slúaġ, teiṫid: agus roinne sisi noċ ċoṁnuiġios a stiġ a néadail.


Graḋuiġ an ċara gaċ uile uáir, agus rugaḋ an dearḃráṫair a naġaiḋ buaiḋearṫa.


Fuáir mé seirḃísiġ agus cailíniġe ḋaṁ, agus rugaḋ seirḃísiġ ann mo ṫiġ; do ḃádar fós sealḃa móra dáirnéis ṁóir agus ḃig agam ós cionn a nuile ḋuine dá raiḃ ann Ierusalem roṁam:


Annsin rugadar léo na daóine uile, agus do ċúadar do ṫroid re Hismael ṁac Netaniah, agus fúaradar é láiṁ ris na huisceaḋuiḃ móra atá a Ngibéon.


Agus do ċuáiḋ Maóise súas ó réiteaċ Ṁoab go slíaḃ Nébo, go mullaċ Pisgah, atá ṫall as coinne Ieriċo. Agus do ṫáisbéin an TIĠEARNA tír Ġilead, uile ḋó, go nuige Dan,


A leanba beaga, atá a naimsir ḋeiġeanaċ ann: agus aṁuil do ċúalaḃair go dtiucfaḋ an tainticríosd, atáid a nois ċeana morán daintícríosduiḃ ar néirġe ann; ar a naiṫniġemíd a naimsir ḋeiġeanaċ do ḃeiṫ a laṫair.


Agus tugadar Dan dainm ar an ccaṫruiġ, do réir anma a naṫar Dan, noċ rugaḋ do Israel: bíoḋ gur Lais dob ainm don ċaṫruiġ an ttús.


An sin do ċúadar clann Israel uile amaċ, agus do ċruinniġeadar an coṁċruinniuġaḋ a ḃfoċair a ċéile aṁuil éanduine aṁáin, ó Ḋan go Beerséba, maille ré tír Ġilead, ċum an TIĠEARNA a Mispeh.


Agus ní raiḃ éinní dá neasḃuiḋ, beag no mór, nó mic nó inġeana, no éadail, nó einni dá rugadar ċuca: do ḃean Dáiḃi amaċ an tiomlán.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ