10 Agus do ḃí gleann Siddim lán do lóguiḃ pice talṁuiḋe; agus do ṫeiṫriġ Sodom agus Gomorrah, agus do ṫuiteadur ionta sin; agus an ṁéid do ṁair do ṫeiṫeadar fán tsliáḃ.
Agus a duḃradar gaċ áon ré ċéile, Gluáisiḋ, déunam bríciḋ, agus loisciom go hiomlan iad. Agus is bríce do ḃí aca mar ċloiċ, agus pic ṫalṁuiġe mar ṁoirtéar.
Agus tárla, a nuair ṫugadur léo amaċ íad, go nduḃairt sé, Teiṫ lé tanam; ná féuċ ad ḋiéiġ, agus na fan annsa réiteaċ uile, teiṫ fan tsliaḃ, deagla do aiḋṁillte.
Agus do ċúaiḋ Lot súas amaċ as Sóar, agus do ċoṁnuiḋe ar a tslíaḃ agus a ḋías inġean na ḟoċair óir dob eagal leis coṁnuiḋe do ḋéunaṁ a Soar: agus do áitriḃ sé a núaiṁ é féin agus a ḋías inġean.
Agus tiucfuiḋ a ccríċ, an té ṫeiṫfios ré fuáim na heagla go ttuitfiḋ se annsa ṗoll; agus an té ṫiucfas a níos as lár an ṗoill go ngéaḃṫar san líon é: óir atáid na fuinnéoga foscailte ó náird ṡúas, agus crioṫnuiġ bunáit na talṁan.
An té ṫeiṫios ó neagla tuitfiḋ sé annsa nuáiġ; agus an té ṫiucfas a níos as an bpoll géaḃṫar san ṗaintéar é: óir do ḃéara misi air, eaḋon air Ṁóab, blíaḋuin a ccúartuiġṫe, a deir an TIĠEARNA.
Agus tárla, a nuáir do ċríoċnuiġeadar Israel dúṫċusaiġ Ai uile do ṁarḃaḋ ann sa ṁaċaire, san ḃfásaċ mar ar ṫiomáineadar íad, agus a nuáir do ṫuiteadar uile le fáoḃar an ċloiḋiṁ, nó gur sgriosaḋ uile íad, gur ḟilleadar na Hisraelitiġ uile go Hái, agus gur ḃuáileadar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ.