Naċ bfuil an duṫaiġ uile roṁad? guíḋim ṫú, dealuiġ ṫu fein riomsa: ma áil leat gaḃ don láiṁ ċle, ann sin geaḃa misi don láiṁ ḋeis: nó ma ṫéid tú don láiṁ ḋeis, ann sin raċa misi don láiṁ ċlé.
Agus a nuair do ċúaluiḋ Abram go raiḃ a ḋearḃraṫair gaḃṫa na ṗriosúnaċ, do árṁuiġ se a ṡerḃísiġ soiġdiurṫa rugaḋ ann a ṫiġ féin, trí ċéud agus oċd ḃfir ḋéug, agus do ṫóruiġ iadsan go Dan.
A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.
Agus a nuáir do ċuáiḋ sé amaċ an dara lá, féuċ, do ḃádur días do na Heaḃruiḋiḃ ag troid: agus a duḃairt seision ris an té do rinne a néaccóir, Créad fá mbuaileann tú do ċompanaċ?
Agus an lá na ḋíaiġ sin ar mbeiṫ ḋóiḃ ag coṁrac do ṫaisbéin sé é féin dóiḃ, agus do ḃí sé déanaṁ síoṫċana eatorra, ag ráḋ, A ḋáoine, as dearḃraiṫreaċa da ċéile siḃ; créud fá ndéuntáoi éugcóir ar a ċéile?
O rinneaḃair ḃur nanmanna glan a núṁlaċd na fírinne trés an Spiorad ċum gráḋa bráiṫreaṁuil gan ḟallás, bíoḋ gráḋ díoġraiseaċ aguiḃ ḋá ċéile ó ċróiḋe ġlan: