7 Agus do ḃí imreasan eidir áoḋairiḃ áirnéisi Abram, agus áoḋairiḃ áirnéisi Lot: agus do áitreaḃadar na Canáanitiġ, agus na Perisitiġ an tan sin ann sa duṫaiġ.
Agus do ḃí téorann na Gcanáaniteaċ o Ṡidon, mar ṫig tú go Gérar, go Gása; mar ṫéid tu go Sodom, agus go Gomorrah, agus Admah, agus Seboim, agus mar sin go Lasa.
Agus do imreasadur áoḋairiḋe Gérar ré háoḋairiḃ Isaac, ag ráḋ, As linne an tuisge: agus do ġoir sé dainm don tobar Esec; do ċionn go ndearnsad imreasan ris.
Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ.
A bruiḋsi do bí ceird do ṡerḃíseaċ ḃeiṫ timċioll áirnési ó ar nóige go ttí a nois, sinn féin aráon agus ar naiṫre, ionnus go náitreoċṫaoi a ḃféarann Gosen: óir is gráineaṁlaċd a nuile ṫréaduiġe cáoraċ ag na Hégiptiḃ.
Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.
Bíoḋ deaġċoinḃearsáid aguiḃ a measg na Gcineaḋaċ: ionnas a náit a niṫiomráiḋ do níd oruiḃ mar luċd miġníoṁ, go maḋ héidir ríu as ma déaġoibriḃ, do ċífid síad, glóir do ṫaḃairt do Ḋía sa lá na ḃfeuċfuiḋ orrṫa.