6 Agus ní ṫáinic do nfearann a niom ċur, ionnus go náitreoḃaidís a ḃfoċair a ċéile: óir do ḃí a substaint cóṁmór sin, nár ḃféidir leó coṁnuiġe a náonáit.
Agus do ḃi Ṗárao go maiṫ ré Abram air a son: agus do ḃádar cáoiriġ aige, agus daiṁ agus ásail, agus seirḃisiġ ḟear agus seirḃisiġ ban, agus banassail, agus cáṁúill.
Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin.
Aċd an dream lér mían ḃeiṫ saiḋḃir tuitid síad a gcáṫuġaḋ agus a ndul, agus a niomad ainṁían éigcéilliḋe díoġḃalaċa, naċ ṁúċas daóine a sgríos agus a milleaḋ.