Mar sin do imṫiġ Abram, mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: agus do ċuáiḋ Lot leis: agus do ḃí Abram seaċdṁoġad agus cúig ḃlíaġna dáois a nuáir do imṫiġ se as Háran.
Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin.
Agus ní ṫáinic do nfearann a niom ċur, ionnus go náitreoḃaidís a ḃfoċair a ċéile: óir do ḃí a substaint cóṁmór sin, nár ḃféidir leó coṁnuiġe a náonáit.
Glacfuid a bpáillíuin agus a ttréada: béaruid síad ċuca féin a ccúirtíniġe, agus a soiṫiḋe uile, agus a ccáṁuill; agus fuáigeoruid síad dóiḃ, Eagla do ḃeiṫ air gaċ uile ṫaóiḃ.