Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 13:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Go háit na haltóra, do rinne sé ann sin ar ttús: agus do ġoir Abram ann sin ar ainm an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 13:4
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin do aṫruiġ Abram a ṗáilliún, agus táinic agus do ċóṁnuiġ á reiteaċ Ṁamre, noċ atá ann Ebron, agus do ċuir súas annsin altóir don TIĠEARNA.


Agus do ċuir altóir súas ann sin, agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA, agus do ṡuiġiḋ a ṗubuil ann sin: agus do ṫoċladar seirḃísiġ Isaac tobar ann sin.


Agus do Ṡéṫ, rugaḋ mac ḋósan mar an ccéudna; agus Enos do ġoir dainm ḋe: annsin do ṫosuiġ dáoine gairm ar ainm an TIĠEARNA.


Moluiḋsi an TIĠEARNA, óir is maiṫ é: óir mairiġ a ṫrócaire go bráṫ.


O go molaidis an TIĠEARNA air son a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine!


Adṁuiġdís don TIĠEARNA a ṫrócaire, agus a oibreaċa iongantaċa do ċloinn na ndáoine!


Is duitsi do ḋéana mé ioḋbarṫa an ṁolta, agus air ainm an TIĠEARNA ġoirfios mé.


Do ḃríġ gur ċláon sé a éisdeaċd ċugam, ar anaḃarsin gairfe mé air ar feaḋ mo ḃeaṫa.


Is fogus an TIĠEARNA da gaċ aon ġoirios air, do gaċ áon ġoireas air a ḃfírinne.


A ṪIĠEARNA, do ġráḋuiġ mé coṁnuiġe do ṫiġe, agus ionad coṁnuiġe do ġlóire.


Oír is féarr lá ann do ċúirtiḃsi ná míle. Do bféarr leam ḃeiṫ am ḋoirseóir a ttiġ Dé, ná ḃeiṫ am ċoṁnuiḋe a bpáilliún an ċiontuiġ.


Ann sin ġoirfios tú, agus freagoruiḋ an TIĠEARNA; éiġfiḋ tú, agus a déara seision, Atáim annso. Má ċuirionn tú uáit as do lár an ċuing, cuir amaċ an ṁéir, agus laḃairt díoṁaóinis;


Annsin goirfiḋe orumsa, agus raċfuiḋe agus guiḋfiḋe ċugamsa, agus éistfiḋ mé riḃ.


Oír annsin iompoċa mé ċum na ndaóine teanga ġlan, ċor go ngoirfid uile ar ainm an TIĠEARNA, dfoġnaṁ ḋó maille re háontoil.


Ċum eagluise Dé atá a Gcorintus, ċum na druinge atá ar na náoṁaḋ a Niósa Criosd, náoiṁ do réir ġarma, maille ris na húile ḋáoiniḃ ġoireas ann gaċ éaináit air ainm ar Dtiġearna Iosa Críosd, noċ as Tiġearna ḋoiḃsean agus ḋúinne:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ