Agus do ḃi Ṗárao go maiṫ ré Abram air a son: agus do ḃádar cáoiriġ aige, agus daiṁ agus ásail, agus seirḃisiġ ḟear agus seirḃisiġ ban, agus banassail, agus cáṁúill.
Agus ní ṫáinic do nfearann a niom ċur, ionnus go náitreoḃaidís a ḃfoċair a ċéile: óir do ḃí a substaint cóṁmór sin, nár ḃféidir leó coṁnuiġe a náonáit.
Agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA mo ṁaiġistir go mór; agus do ḟás sé mór; agus tug sé ḋó tréuda, agus airġeaḋa, agus ór agus airgead, agus seirḃísiġ fear, agus seirḃísiġ ban, agus cáṁuill agus asail.
Naċ déarna túsa fál na ṫimċioll, agus a ttimċioll a ṫiġe, agus timċioll a nuile ní da ḃfuil aige aír gaċ aon táoḃ? do ḃeannuiġ tú oibreaċa a láṁ, agus do ṁéaduiġ tú a ṁaóin annsa tír.
Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.
Aċ cuiṁneoċuiḋ tú an TIĠEARNA do Ḋía: óir isé do ḃeir neart ḋuit dfaġáil saiḋḃris, go ndearna a ċunnraḋ seasṁaċ noċ do ṁionnuiġ sé da ḃur naiṫriḃ, mar atá sé a niuġ.
Oír as beag an tarḃa a dtéid an cleaċdaḋ corparrḋa: aċd is tarḃaċ an díaġaċd ċum na nuile neiṫeann, agá ḃfuil geallaḋ na beaṫa atá a laṫair, agus ċum teaċda.