Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 13:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Ann sin do aṫruiġ Abram a ṗáilliún, agus táinic agus do ċóṁnuiġ á reiteaċ Ṁamre, noċ atá ann Ebron, agus do ċuir súas annsin altóir don TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 13:18
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go háit na haltóra, do rinne sé ann sin ar ttús: agus do ġoir Abram ann sin ar ainm an TIĠEARNA.


Agus táinig áon do ċuáiḋ as, águs dinnis do Abram an teaḃruiḋeaċ; óir do áitriḃ sé a réiteaċ Ṁamre, an Tamoriteaċ, dearḃraṫair Escoil, agus dearḃraṫair Aner: agus do ḃádur so a ccoṁċeangal re Abram.


Agus do ḟoilísiġ an TIĠEARNA e féin dó a réiteaċ Ṁamre: agus do ṡuiġ sé a ndorus na puible a tteas an láoi.


Agus tangadar gus a náit do innis Día ḋósan; agus do rinne Abraham altóir ann sin, agus do ċuir an connaḋ go deas, agus do ċeangail a ṁac Isaac, agus do leag ar a naltóir é ar úaċdar an ċonnuiġ.


Agus fuáir Sárah bás a Cciriat-arba; a se sin Hebron a ttír Ċanaáin: agus táinig Abraham do ḋéunaṁ doilġis fa Ṡárah, agus do ġul tríṫe.


Agus do ċuir altóir súas ann sin, agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA, agus do ṡuiġiḋ a ṗubuil ann sin: agus do ṫoċladar seirḃísiġ Isaac tobar ann sin.


Agus táinic Iácob go nuige a aṫair Isaac go Mamre go caṫruiġ Arbah, (eaḋon Hébron) áit ar ċoṁnuiḋ Abraham agus Isaac.


Agus a duḃairt sé ris, Guiḋim ṫú, eiriġ, féuċ an maiṫ a táṫar ag ad ḋearḃráiṫriḃ, agus an maiṫ a táṫar ag na tréuduiḃ; agus taḃair scéula ċugam a rís. Mar sin do ċuir sé amaċ é as gleann Hébron, agus táinig sé go Seċem.


Agus do rinne Naóṫ altóir don TIĠEARNA; agus do ġlac da gaċ éinḃeaṫaċ glan, agus dá gaċ uile éun glan, agus díoḋbuir ofráil loisge ar a naltóir.


Agus tárla na ḋiáiġ so, gur ḟiafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA, ġa ráḋ, An raċa mé súas go haon do ċaiṫreaċaiḃ Iúdah? Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Eiriġ súas. Agus a duḃairt Dáiḃi, Cait suas a raċa me? Agus a duḃairt seision, Go Hébron.


Do ċuirios an TIĠEARNA do ġnáṫ ós mo ċoinne: do ḃríġ go ḃfuil sé air mo láiṁ ḋeis, ní ċorroċṫar mé.


Agus do ċúadar súas buḋ ḋeas, go ttangadar go Hebron; mar a ráḃadar Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac. A nois do rinneaḋ Hebron seaċd mbliaḋna roiṁe Soan sa Négipt.


Uime sin as mían rium na fir do ḋéunaṁ úrnuiġe sa nuile áit, ag tógḃáil súas a láṁ náoṁṫa, gan ḟeirg gan aṁarus.


As tré ċreideaṁ do ċóṁnuiġ sé a dtír na geallaṁna, aṁuil a dtir ċoiṁiġṫe, ar ndéunaṁ coṁnuiġe ḋó a mboṫuíḃ maille ré Hísaac agus ré Iácob, coṁóiġreaḋa na geallaṁna céudna:


Agus do ḃeannuiġ Iosua é, agus ṫug do Ċaleb ṁac Ieṗunneh Hébron mar oiġreaċd.


Agus ṫug sé do Ċáleb ṁac Ieṗunneh a ċuid a measc ċloinne Iúdah do réir aiṫne an TIĠEARNA do Iosua, eaḋon caṫair Arba aṫair Anac, noċ ar ḃí an caṫair sin Hébron.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ