Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca.
Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.
¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
Agus do ḃí an TIĠEARNA grásaṁuil dóiḃ, agus do ġaḃ truáiġe ḋóiḃ é, agus do ḃí meas aige orra, do ḃríġ a ċunnarṫa ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor ḃáill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úaḋ as a laṫair fós.