Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe.
A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Agus do ḃéura mé ar do ṡíol foirlíonaḋ mar réulta a naiéir, agus do ḃéura mé dot ṡíol na tíorṫaso uile; agus ann do ṡíol béid uile ċiniḋeaċa na talṁan beannuiġe;
Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Agus do ḃí an TIĠEARNA grásaṁuil dóiḃ, agus do ġaḃ truáiġe ḋóiḃ é, agus do ḃí meas aige orra, do ḃríġ a ċunnarṫa ré Abraham, ré Isaac, agus ré Iácob, agus níor ḃáill leis a sgrios uile, ná a tteilgion úaḋ as a laṫair fós.
¶ Agus ṫug Ioab suim uiḃre na ndáoine do Ḋáiḃi. Agus do ḃádar do ċlainn Israel uile mile do ṁíltiḃ, agus céad míle fear noċ do ṫarruing cloiḋeaṁ: agus do Iúdah ceiṫre ċéad agus trí fiṫċid agus deiċ mile fear do ṫarruing cloiḋeaṁ.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Mar naċ féidir slúaġ neiṁe dáireaṁ, nó gaineaṁ na fairge do ṫoṁus: mairsin fóirlíonfuiḋ misi slioċd Ḋáiḃi mo ṡeirḃíseaċ, agus na Leḃítiġ ṁiniostralas daṁ.
Tar a éise sin do ḟéuċ mé, agus, féuċ, buiḋean mór, nár ḃéidir déinneaċ áireaṁ, do gaċ uile ċineaḋ, agus ṫreiḃ, agus ṗubail, agus ṫeanguiḋ, na seasaṁ a ḃfiaḋnuise na caṫaóireaċ, agus a ḃfiaḋnuise a Nuáin, umá raḃadar róbuiḋe fada gleiġeala, agus pailm ann a laṁuiḃ;
Agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir do ċuir Israel síol, go ttangadar na Mídianuiġ súas, agus na Hamalecitiġ, agus clanna a noirṫear, ċeana ṫangadar súas na naġaiḋ;
Oír ṫangadar súas maille re na máoin agus le na bpaillioníḃ, agus tangadar aṁuil lócuistiġ ar liónṁaireaċd; óir do ḃádar féin araon agus a ccaṁuill dóáirṁiġ: agus do ċuádar a steaċ don tír dá hargain.