Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:
An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.
Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.
Agus biáiḋ do ṡíol mar ġaineaṁ na talṁan; agus leiṫneaċuiḋ tú amaċ síar agus soir, buḋ ṫuaiḋ agus buḋ ḋeas; agus buḋ ionnad sa, agus ann do ṡíol ḃéid muinntir na talṁan uile beannuiġe.
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
Agus a duḃairt sé rium, Féuċ, do ḋéana mé tóirṫeaċ ṫú, agus méideóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋéana mé ḋíotiomad dáoine, agud do ḃéura mé an duṫaiḋsi dod ṡíol ad ḋiáiġ mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe.
¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gluáis agus éiriġ súas as so, ṫusa agus an pobál ṫug tú leaċd a maċ as críċ na Hégipte, don tír do mionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ḋá ráḋ, Dot ṡíol do ḃéura mé é:
Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, A nuáir ṫiucfuiḋe go tír Ċánaain; a sé so an fearann ṫuitfios ċugaiḃsi mar oiġreaċd, eaḋon fearann Ċánaain maille re na ṫeórannuiḃ:
Agus ní ṫug sé oíġreaċd ḋó ann, go fíu leiṫead troiġṫe: bíoḋ gur ġeall sé a ṫaḃairt mar ṡeilḃ ḋó féin, agus dá ṡíol na ḋíaiġ, gé báċ raiḃ clann fós aige.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Sí so an dúiṫċe do ṁionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ġá raḋ, Do ḃéara mé so dot ṡlioċd: ṫug mé ortsa a faicsin red ṡúiliḃ, aċ ní raċa tú inte anonn.
Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.