Agus do ṫóg Lot a ṡuile súas, agus do ċonnairc réiteaċ Jordan uile, go raiḃ uisge go maiṫ an gaċ éun taoḃ, suil do scrios an TIĠEARNA Sodom agus Gomorrah, eaḋon aṁuil gáirdin TIĠEARNA, cosṁuil re talaṁ na Héigipte, mar ṫig tú go Soar:
Agus do ráiḋ an TIĠEARNA ré Abram, tar éis Lot dimṫeaċd uaḋ, Tóg súas a nois do ṡúile, agus féuċ ón áit a ḃfuil tú do ṫuaiġ, agus do ḋeas, soir agus siar:
Naċ bfuil an duṫaiġ uile roṁad? guíḋim ṫú, dealuiġ ṫu fein riomsa: ma áil leat gaḃ don láiṁ ċle, ann sin geaḃa misi don láiṁ ḋeis: nó ma ṫéid tú don láiṁ ḋeis, ann sin raċa misi don láiṁ ċlé.
Agus tárla, a nuair ṫugadur léo amaċ íad, go nduḃairt sé, Teiṫ lé tanam; ná féuċ ad ḋiéiġ, agus na fan annsa réiteaċ uile, teiṫ fan tsliaḃ, deagla do aiḋṁillte.
Ná tréig, do ċara féin, agus cara haṫar; agus ná héiriġ go tiġ do ḋearḃráṫar a ló do ríaċdanuis: óir ís féarr cara a ccoṁḟogus ná dearḃraṫair a nimċían.
Agus toiṁeostáoi an táoḃ ṡoir ó Haḃrann, ó Ḋamascus, agus ó Ġílead, agus ó ṫír Israel laiṁ ré Iordan, ón tteóruinn gus an ḃfairge ṡoir. Agus isí so an taóiḃ soir.
Gan tréigean an ċoṁċruinniġe do níomaóid a gceann a ċeile, do réir nóis ḋruinge áiriġe; aċd ag teagusg a ċéile: agus go maḋ móide ḋéanam sín, an ṁéid as léir ḋiḃ an lá úd ag drúd rinn.