7 Agus do ḟoillsiġ an TIĠEARNA é féin do Abram agus a duḃairt, Is dod ṡiolsa do ḃeara mean duṫaiḋsi: agus ann sin do rinne sé altóir don TIĠEARNA, noċ do ṫaisbein é féin dó.
Agus do aṫruiġ sé as sin go slíaḃ táoḃ ṡoir do Ḃétel, agus do ṡuiḋiġ a ṗailliún, ar mḃeiṫ do Ḃetel don táoḃ ṡíar ḋe, agus Hái don táoiḃ ṡoir: agus do rinne altóir annsin don TIĠEARNA; agus do ġoir ar ainm an TIĠEARNA.
Annsa ló ċeudna sin do rinne an TIĠEARNA cuimraḋ ré Abram, ḋá ráḋ; Dot ṡíolsa ṫug mé an tírsi, ó aḃuinn na Héigipte go nuige an sruṫ mór, sruṫ Euṗrátes:
Agus a nuáir do ḃí Abram nóċad agus náoi mbliaḋna dáois, do ṫaisbéin an TIĠEARNA é féin do Abram, agus a duḃairt ris, Is misi an Día uile ċuṁaċdaċ; siuḃuil am ḟiadnuise agus bí diongṁalta.
Agus do ḃéura mé ḋuitsi, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ an fearann ann a ḃfuil tu ar cuairt, tir Ċanaáin, uile, mar ṡeilḃ ṡíorruiḋe; agus biaiḋ mé mar Ḋía aca.
Agus tangadar gus a náit do innis Día ḋósan; agus do rinne Abraham altóir ann sin, agus do ċuir an connaḋ go deas, agus do ċeangail a ṁac Isaac, agus do leag ar a naltóir é ar úaċdar an ċonnuiġ.
An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.
Coṁnuiḋ sa tírsi, agus biáiḋ misi maille riot, agus beinneoċaiḋ mé ṫú; óir duitsi, agus dot ṡíol, do ḃeura me na tíorṫaso uile, agus coṁlionfuiḋ mé an mionna noċ tug mé Dábraham dot aṫair;
Agus féuċ, do ṡeas an TIĠEARNA ós a ċionn, agus a duḃairt, As misi an TIĠEARNA Día Abraham haṫair, agus Día Isaac: an fearann ar a ḃfuil tú ad luiġe, do ḃéura mé ḋuitsi é, agus dot ṡlioċd.
Agus go ttuga sé ḋuit beannaċd Abraham, duit féin, agus dot ṡiól maille riot; go ngaḃa tú oiġreaċd na dúṫaiġ ann a ḃfuil tú ad ċoiṁiġṫeaḋ noċ tug Día do Abraham.
¶ Agus do ráiḋ Ióseṗ ré na ḋearḃráiṫriḃ, Atáimsi ag eug: agus fóirfe Día oruiḃsi go déiṁin, agus béura sé as an ttírsi siḃ, gus an ttír do ṁionnuiġ sé do Abraham, do Isaac, agus do Iacob.
Agus do ṫóg Dáiḃi altóir ann sin don TIĠEARNA, agus do íoḋbair ofrála loisge agus ofrála síoṫċána. Mar sin do fríṫ an TIĠEARNA re a ġuiḋe ar son na dúiṫċe, agus do coisceaḋ an ṗiáiġ ó Israel.
Annsin déiriġ Iessua ṁac Iosadac, agus a ḋearḃráiṫre na sagairt, agus Serubbabel ṁac Sealtiel, agus a ḋearḃráiṫre, agus do ċuireadar súas altóir De Israel, dofráil íodnearṫa loisg uirre, mar atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaoise óglaiċ Dé.
Agus do scríoḃ Maóise bríaṫra an TIĠEARNA uile, agus do eirġe go moċ air maidin, agus do ṫóg altóir san ċnoc, agus ḋá ṗiléir ḋeúg, do réir ḋá ṫreiḃ ḋéag Israel.
Cuiṁniġ Abraham, Isáac agus Israel, do ṡerḃísiġ, dá ttug tú ṫú féin mar ṁionnuiḃ, agus a duḃairt tú ríu, Do ḋéana mé ḃur síol coṁlíonṁur re réultuiḃ niṁe, agus an dúṫaiḋsi uile air ar laḃair mé, do ḃéura mé dá ḃur síol, agus béid iona hoiġreaċd gu bráṫ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Gluáis agus éiriġ súas as so, ṫusa agus an pobál ṫug tú leaċd a maċ as críċ na Hégipte, don tír do mionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ḋá ráḋ, Dot ṡíol do ḃéura mé é:
Go deiṁin ní ḟaicfiḋ éanduine da ttáinic amaċ as an Negipt, ó ḟiċṫid blíaḋan dáois agus ós a ċionn, an dúṫaiġ do ṁionna misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob; do ċionn nar leanadar misi go hiomlán:
Agus ní ṫug sé oíġreaċd ḋó ann, go fíu leiṫead troiġṫe: bíoḋ gur ġeall sé a ṫaḃairt mar ṡeilḃ ḋó féin, agus dá ṡíol na ḋíaiġ, gé báċ raiḃ clann fós aige.
Máseaḋ is Dáḃraham agus dá ṡíol tugaḋ na geallaṁnaċa. Ní abair sé, Agus do na síoltuiḃ, mar do ḃíaḋ sé ag laḃairt ar ṁórán; aċd mar do laiḃeóraḋ sé ar áon ag ráḋ, Agus dod ṡiolsa, agar ab é Críosd é.
Feaċuiḋ, do ċuir mé an taluṁ as ḃar gcoinne: éirġiḋ a steaċ agus sealḃuíġiḋ an fearann do ḋearḃ an TIĠEARNA dá ḃur naiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob, do ṫaḃairt doiḃ agus dá slioċd na ndiáiġ.
Ionnus go ngráiḋeoċuiḋ tú do ṪIĠEARNA Día, agus go nuiṁleoċa tú dá ġuṫ, agus go ndruidfe tú ris: óir is é sin do ḃeaṫa, agus faduġaḋ do láeṫeaḋ: ċor go ccoiṁneoċa tú ansa dúiṫċe noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, do Abraham, Dísaac, agus do Iácob, do ṫaḃairt dóiḃ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Sí so an dúiṫċe do ṁionnuiġ misi do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, ġá raḋ, Do ḃéara mé so dot ṡlioċd: ṫug mé ortsa a faicsin red ṡúiliḃ, aċ ní raċa tú inte anonn.
Agus is aṁla ḃías a nuáir ḃéurus an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don dúṫaiġ noċ do ṁionnuiġ dod aiṫriḃ, do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, go ttiuḃraḋ ḋuit caiṫreaċa móra maiṫe, naċ tú féin do ċuir súas,
Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.
As do réir ċreidiṁ fuaradar so uile bás, bíoḋ naċ ḃfúaradar na neiṫe do ġeallaḋ ḋóiḃ, aċd go ḃfacadar íad a ḃfad úaṫa, agus tug ċreideaṁ agus do ṫeannadar riu íad, agus do adṁuiġeadar go raḃadar féin na ndéoraḋuiḃ agus na noilírṫeaċuiḃ ar an dtalaṁ.
As tré ċreideaṁ, dúṁlaiġ Abraham, ar na ġairm ag imṫeaċd go hionad noċ do ġeubaḋ sé na ḋiáiġ sin doiġreaċd; agus do ṫríall sé roiṁe, gan a ḟios aige cá háit ann a raiḃ sé ag dul.
¶ Agus a núair ṫangadar go brúaċ Iordan, noċ atá a ttír Ċánaain, clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh do rinneadar altóir ag Iordan, altóir ṁór re féaċuin uirre.