Agus do ḃí imreasan eidir áoḋairiḃ áirnéisi Abram, agus áoḋairiḃ áirnéisi Lot: agus do áitreaḃadar na Canáanitiġ, agus na Perisitiġ an tan sin ann sa duṫaiġ.
Agus a duḃairt Iácob ré Símeon, agus ré Léḃi, Do ċuireaḃair buáiḋreaḋ orum, mo ḋéanaṁ bréun a measg aitreaḃaḋ na tíre, a measg na Ccanaaniteaċ, agus a measc na Bperisiteaċ: agus gan mé aċ beagán a nuiṁir, cruinneoċuid íad féin uile am aġuiḋ, agus muirfid mé; agus sgriosfuiġer mé féin agus mo ṫiġ.
Agus tugadur do Iácob a raiḃ do ḋéeiḃ coiṁiġṫeaċa ann a láṁuiḃ, agus a raiḃ dfainniḃ-cluas na gcluasuiḃ; agus do ḟoluiġ Iácob íad faói an daruiġ noċ do ḃí laiṁ ré Seċem.
Naċ ḃfuilid síad ar an ttaóiḃ oíle do Iordan, ar a tsliġe mar a ttéid an ġrían faói, a ttír na Gcanaaníteaċ, noċ áitreaḃus ann sa réiteaċ ṫall as coinne Ġilgal, láiṁ ré maċairiġiḃ Ṁóreh?
As tré ċreideaṁ do ċóṁnuiġ sé a dtír na geallaṁna, aṁuil a dtir ċoiṁiġṫe, ar ndéunaṁ coṁnuiġe ḋó a mboṫuíḃ maille ré Hísaac agus ré Iácob, coṁóiġreaḋa na geallaṁna céudna:
¶ Agus cnáṁa Ióseṗ, noċ do ṫugadar clann Israel súas as an Négipt, do aḋlaiceadar íad a Seċem, an sa bpíosa fearainn do ċeannuiġ Iacob ó ṁacuiḃ Hámor aṫair Ṡeċem ar ċéad píosa airgid: agus ṫáinic na oíġreaċd ċum cloinne Ioseṗ.
Ann sin do éiriġ súas Ierubbaal, sé sin Gideon, agus an pobal do ḃí na ḟoċair, go moċ, agus do ṡuiġeadar láiṁ re tobar Hárod: ionnus go raiḃ slúaiġ na Mídianaċ don táoḃ ṫuáiġ ḋíoḃ, láiṁ re cnoc Móreh annsa ġleann.
Agus do ċúaiḋ Abimeleċ ṁac Ierubbaal go Sċeċem a cceann ḋearḃráiṫreaċ a ṁaṫar, agus do ċoṁráiḋ sé ríu, agus re muinntir ṫiġe aṫar a ṁaṫara uile, ḋá ráḋ,