20 Agus tug Ṗárao áiṫne ḋá ṁuinntir ḋá táoiḃ: agus do ċuireadar ar siuḃal, é féin agus a ḃean agus a nuile ní do ḃí aige.
Créd fá nduḃairt tú, a sí mo ḋearḃṡíur í? mar sin do ḟéadfuinnse a taḃairt mar ṁnáoi; úime sin a nois féuċ do ḃean, gaḃ ċugad í, agus imṫiġ roṁad.
Agus do ċuaiḋ Abram súas as an Egipt, é fein agus a ḃean, agus a nuile ni do ḃí aige, agus Lot maille ris, gus an árd andeas.
Agus do léig Maóise dá ċliaṁuin imṫeaċd; agus do ċúaiḋ sé dá ḋuṫaiġ féin.
A ta croiḋe an ríġ an láiṁ an TIĠEARNA, már na sroṫa uisge: iompoiġiḋ sé é giḋ bé áit a ttogrann féin.