11 Agus tárla, a nuáir do ḃi sé ar teaċd a ḃfogus do ḋul a steaċ don Egipt, go nduḃairt sé re Sárai a ḃean, Féuċ annois, as aiṫne ḋaṁsa go ḃfúil tusa ad ṁnáoi sgiaṁaiḋ ré féaċúin ort:
Agus tárla, a nuáir ṫug Día ormsa imṫeaċd roṁam ó ṫiġ maṫar, do ráiḋ me ría, Is é so do ċineáltussa do ḋéunas tú orumsa; ann gaċ uilé ḃall iona ttiucfam, abair dom ṫáoḃsa, A sé mo ḋearḃraṫair é.
Agus do ḃí a nóigḃean ro sgíaṁaċ ré feaċuin uirre, na maiġdin agus níor ċionntuiġ éinḟear ria: agus do ċuáiḋ síos gus an ttobar, agus do líon a soiṫeaċ agus táinig a nṡíos.
Agus do ḟíarfuiġeadar dáoine na háite ḋe a ttáoḃ a ṁná; agus a duḃairt seision, A sí mo ḋeirḃṡíur í: óir dob eagla leis a ráḋ, a sí mo ḃean í; ar eagla, ar seision, go muirfidís muinntir na háite mé fá Rebecah; do ċionn go raiḃ breáḋa re féaċuin uirre.
¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.