Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 12:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 Agus do ḃí gorta ann sa tir: agus do ċúaiḋ Abram síos don Egipt do ċoṁnúiġe ann sin; óir do ḃí an ġorta doilġeasaċ sa talaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 12:10
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí an ġorta ar aġuiḋ na talṁan uile: agus do oscuil Ióseṗ tiġṫe an stórúis uile, agus do reac ris na Hégiptiḃ: agus do ḟás an ġorta go trom á gcríċ na Hégipte.


Agus táinig a nuile ṫír go Ióseṗ don Egipt do ċeannaċ arḃar, do ċionn go raiḃ an ġorta ċoṁṫrom sin ann gáċ entír.


Agus tangadur mic Israel do ċeannaċ arḃa a measc na ndaoine ṫáinic: óir dó ḃí an ġorta a ttír Ċánaain.


Agus do ḃí an ġorta go ro ṁór sa tir.


Agus ní raiḃ arán ar biṫ san tír uile; óir do ḃí an ġorta ro ṫrom, ionnus gur hanḃfainneaċ críoċ na Hégipte, agus tír Ċánaain uile do ḃríġ na gorta.


An sin do ḃí gorta a laéṫiḃ Ḋáiḃi trí bliaḋna, a ndiáiġ a ċéile; agus dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Is arson Ṡauil, agus a ṫiġe ḟuiltíġ, do ḃríġ gur ṁarḃ sé na Gibeonitiġ.


¶ Agus ṫainic Elisa a rís go Gilgal: agus do ḃí gorta annsa tir; agus do ḃádar mic na ḃfáġ na suiġe na ḟiaḋnuise: agus a duḃairt seision re na óglaċ, Cuir siós an pota mór, agus bruiṫ ṗraiseaċ do ṁacaiḃ na ḃfáġ.


Agus do ḃí gorta ṁór a Samária: agus, féuċ, do ḃádar na bun, nó go reacṫáoi ceann asuil ar ċeiṫre fiṫċíd píosa airgid, agus an ceaṫraṁaḋ cuid do sbrogaille coluim gun a ṡalċar ar ċúig ṗíosa airgid.


Agus do ṡiúḃladar ó ċineaḋ go cineaḋ, ó rioġaċd go daoiniḃ oile.


Fearann tórṫaċ a ngorta, ar son corbaiḋ an luċta noċ áitriġios ann.


Is iomḋa cráḋ air an ḃfíréun: giḋeaḋ sáorfuiḋ an TIĠEARNA úaṫa uile é.


Focal an TIĠEARNA noċ ṫáinic go Ieremiah a dtáoḃ na gorta.


Do laḃuir mé na neiṫesi riḃ, do ċum go mbeíṫ síoḋċáin aguiḃ ionnumsa. Do ġéuḃṫáoi trioblóid sa tsáoġal: aċd bíoḋ dóċus maiṫ aguiḃ; so ḃúaḋaiġ misi ar a tsaoġal.


Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.


Agus táinig gorta go tír na Héigipte agus Ċánaan uile, agus aṁgur ṁór: ionnus náċ ḃfúaradar ar naiṫreaċa beaṫa.


Anois tárla annsna laéṫiḃ a raḃadar na breíṫeaṁuin na núaċdaráin, go raiḃ gorta sa dúiṫċe. Agus do ċuáiḋ duine áiriġ do Ḃetlehem‐Iúdah do ċoṁnuiḋe go tír Ṁoab, é féin, agus a ḃean, agus a ḋías mac.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ