Agus tárla, a nuáir ṫug Día ormsa imṫeaċd roṁam ó ṫiġ maṫar, do ráiḋ me ría, Is é so do ċineáltussa do ḋéunas tú orumsa; ann gaċ uilé ḃall iona ttiucfam, abair dom ṫáoḃsa, A sé mo ḋearḃraṫair é.
An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.
Ṫusa noċ ṫug mé ó ċorruiḃ na talṁan, agus do ġoir mé ṫú ó na daoiniḃ oirḋearca, agus a duḃairt riot, Is tú mo ṡeirḃíseaċ; do ṫoġ mé ṫú, agus níor ṫeilg mé seaċad ṫú.
A ṁic an duine, laḃruiḋ an drong áitreaḃas na háite fasuiġsi ṫire Israel, ag ráḋ, Do ḃí Abraham na aónar, agus do ġaḃ sé oiġreaċt na dúiṫċe: aċt atámáoidne mórán; tugaḋ an tír ḋúinn mar oiġreaċt.
As tré ċreideaṁ, dúṁlaiġ Abraham, ar na ġairm ag imṫeaċd go hionad noċ do ġeubaḋ sé na ḋiáiġ sin doiġreaċd; agus do ṫríall sé roiṁe, gan a ḟios aige cá háit ann a raiḃ sé ag dul.