6 Agus a duḃairt an TIĠEARNA, Féuċ, is áon an pobal uile, agus is éinteanga atá aca uile; agus do ṫosuiġeadar so do ḋéunaṁ: agus a nóis ni coinneóċar éinni úaṫa, dar ṡáoileadar a ḋéunaṁ.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día, Féuċ, atá an duine ar na ḋéunaṁ mar áon aguinn féin, dfios maiṫeasa agus uilc: agus a nois, deagla go ccuirfeaḋ a láṁ amaċ, agus go nglacfaḋ fós do ċrann na beaṫa, agus go níosfaḋ, agus go mairfeaḋ go bráṫ:
Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.
Agus tárla san meaḋon láoi, go ndeárna Elias magaḋ orra, agus go nduḃairt sé, Goiriḋ go hárd: óir is día é; ceaċtar ḋíoḃ atá sé ag caint, nó atá sé ag tóruiġeaċd, nó áta sé iona aistior, nó do bféidir gur na ċoḋla atá sé, agus go ccaiṫfiḋe a ḋúsgaḋ.
¶ Gáirdiġ, a ḋuine óig, ann hóige; agus cuireaḋ do ċroiḋe súgaċus ort a láeṫiḃ hóige, agus siuḃail a sliġṫiḃ do ċroiḋe, agus a raḋarc do ṡúl: aċt bíoḋ a ḟios agad, ar son na neiṫionnso uile go ttiuḃraiḋ Día ċum breiṫeaṁnus ṫú.
Agus marsin do ċonnaiṁ mé a nfearṫuinn uáiḃ, a nuáir do ḃádar fós trí ṁí gus an ḃfóġṁar: agus ṫug mé air fearṫuinn air áonċaṫruiġ, agus ṫug mé air gan fearṫuinn air ċaṫruiġ oile: do fearaḋ air ċuid aṁáin, agus an ċuid air nar fearaḋ do ċríon sé.
Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan;