Agus do ḃí slíaḃ Sínai uile fá ḋeatuiġ, do ċionn gur ṫuirling an TIĠEARNA air a tteiniḋ: agus do ċuáiḋ a ḋeataċ suás aṁuil ḋeataċ fuirnise, agus do ċrioṫnúiġ an slíaḃ uile go mór.
Agus táinic an TIĠEARNA a núas ar ṡlíaḃ Sínai, ar ṁullaċ an tsléiḃe: agus do ġoir an TIĠEARNA Maóise súas go mullaċ an tsléiḃe; agus do ċuáiḋ Maóise súas.
Agus ṫáinic mé a nuas dá sáoraḋ as láṁuiḃ na Négiptaċ, agus dá mbreiṫ súas as an tír sin, go fearann maiṫ fairsing, go fearann do ḃeir tuile ḃainne agus ṁeala; go háit na Ccanaaniteaċ, agus na Hititeaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Namoríteaċ, agus na Bperisíteaċ, agus na Hiḃiteaċ.