30 Aċ do ḃí Sarai aimrid; ni raiḃ clann ar biṫ aice.
Agus do ġlac Térah Abram a ṁac, agus Lot mac Hárain mac a ṁic, agus a ḃainċlíaṁuin Sárai, bean a ṁic Abram; agus do ċúadar amaċ leó ó Ur na Gcaldeanaċ, do ḋul go tír Ċanaáin; agus tangadar go Háran, agus daiṫreaḃuiġeadar ann sin.
Agus do ġuiḋ Isaac an TIĠEARNA air son a ṁná, do ċionn go raiḃ sí aimrid, agus do éisd an TIĠEARNA a ġuiḋe agus do toirrċeaḋ a ḃean Rebecah.
Agus a nuáir do ċonnairc an TIĠEARNA go ráiḃ fúaṫ ar Léah, do oscuil sé a brú: aċ dó ḃí Ráċel amrid.
Noċ do ḃeir air ṁnaói aimrid áitreaḃ san tiġ, na maṫair lúaṫġáiriġ ċloinne. Moluiḋse an TIĠEARNA.
Agus, féuċ, Elisabet do ṡiur, a tá sisi leis torraċ air ṁac ann a hárrsuiġeaċd: agus is sé so an seisioḋ mí don ṁnáoi úd, dá ngoirṫear bean aimrid.
Agus ní raíḃ, slioċd orrṫa, do ḃríġ go raiḃ Elisábet aimrid agus go raiḃ áois ṁór aca ar áon.
¶ Agus do ḃí fear áiriġ as Sórah do ċinéul na Ndaníteaċ, dar ḃainm Manoah; agus do ḃi a ḃean aimrid, agus ní rug sí clann.
Agus do ḃádar días ban aige; Hannah ainm ṁná ḋíoḃ, agus Peninnah ainm na mná oile: agus do ḃí clann ag Peninnah, aċd ní ráiḃ clann air biṫ ag Hannah.
Aċt do Hannah ṫug sé roinn ḋúbalta; óir dob ionṁuin leis Hanna: aċd do ḋruid án TIĠEARNA a brú.