Agus do ġlac Térah Abram a ṁac, agus Lot mac Hárain mac a ṁic, agus a ḃainċlíaṁuin Sárai, bean a ṁic Abram; agus do ċúadar amaċ leó ó Ur na Gcaldeanaċ, do ḋul go tír Ċanaáin; agus tangadar go Háran, agus daiṫreaḃuiġeadar ann sin.
Mar sin do imṫiġ Abram, mar a duḃairt an TIĠEARNA ris: agus do ċuáiḋ Lot leis: agus do ḃí Abram seaċdṁoġad agus cúig ḃlíaġna dáois a nuáir do imṫiġ se as Háran.
Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin.
Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal uile, As mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do áitreaḃadar ḃur naiṫreaċa don taóiḃ oile don tuile annsa tseanaimsir, eaḋon Terah, aṫair Abraham, agus aṫair Naċor: agus do aḋradar dée oile.