Is uime sin goirṫear Bábel dainm ḋi; do ċionn gur ḃuaiḋir an TIĠEARNA annsin teanga an doṁuín uile: agus do spréiġ an TIĠEARNA as sin íad ar feaḋ na talṁan uile.
Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, go ccuirfe an TIĠEARNA a láṁa rís an dara huáir do ṫárṫáil ḟuiġill na ndaóine, noċ fúigfiġear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Ṗatros, agus ó Ċus, agus ó Elam, agus ó Ṡinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuiḃ na fairge.
Agus ṫug an Tiġearna Iehoiacim ríġ Iudah iona láiṁ, maille le cuid do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe Dé: noċ rug sé go tír Ṡinár go tiġ a ḋé féin; agus rug sé na soiġṫiġe go tiġ ionnṁuis a ḋé.