Agus tárla, mar as lúaiṫe do ċuír Isaac crioċ ar ḃeannuġaḋ Iacob, agus naċ mór go rainig Iácob fós as fiaḋnuisi Isaac a aṫar, an tan ṫáinig Esau a ḋearḃraṫair on ḟíaḋaċ.
Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.
Noċ ċuireas teaċda úaṫa ar an ḃfairge, eaḋon a soiġṫiġiḃ buigṡiḃne ar na huisgeaḋuiḃ, ġa ráḋ, Imṫiġiḋ, a ṫeaċta lúaṫa, go cineaḋ sreaṫnuiġṫe agus lomṫa, ċum daóine úaṫḃásaċ óna ttosaċ go ttí so; cineaḋ ar na ttoṁus amaċ agus ar na saltairt síos, ar ṁilleadar na haiḃne a ḃfearann!
¶ Féuċ, cuirfe mé fios air ṁórán íascaireaḋ, a deir an TIĠEARNA, agus géaḃuid siad íad; agus na ḋíaiġsin cuirfiḋ mé fios ar ṁórán sealgaireaḋ, agus do ḋéanaid a ḃfíaḋaċ ó gaċ uile ṡlíaḃ, agus ó gaċ uile ċnoc, agus a maċ as polluiḃ na ccarrac.
Agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; A ṁairg do na mnáiḃ ḟuáiġiḋiosclúasċáin ar na huile uilleannuiḃ, agus do ní ciarsúir air ċeann gaċ aóin státuir dfíaḋaċ anmann! An mbeiṫí ag fíaḋaċ anmann mo ṗobailsi, agus an ccuiṁdeoċṫaói béo anmanna na druinge ṫig ċugaiḃ?
Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.