31 A síad so mic Ṡem, do reir a ttreaḃa, do réir a tteangṫa, ann a bfearannuiḃ, agus do réir a gciniḋeaċ.
A síad so mic Ham, do reir a ttreaḃa, do réir a tteangṫa, ann a dtiorrṫuiḃ, agus ann a gciniḋeaċuiḃ.
Agus do ḃí a náitreaḃ ó Ṁesa, mar ṫéid tú go Seṗar, sliaḃ don táoiḃ ṡoir.
Agus a siad so treaḃa mac Naói, do réir a ngeinealaċ, ann a cciniḋeaċuiḃ: agus leó so do roinneaḋ na ciniḋeaċa annsa doṁan a ndiaiġ na díleann.
Is leó so do roinneaḋ oiléin na ngenṫḋeaċ ann a ḃfearannuiḃ; gaċ áon do réir a tteangṫa, do réir a muinntire, ann a cciniḋeaċuiḃ.
Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan;