Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 10:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Mic Iaṗet: Gomer, agus Magog, agus Madai, agus Iaḃan, agus Túbal, agus Meiseiċ, agus Tíras.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 10:2
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois a síad so geinealuiġ ṁac Naói, Sem, Ham, agus Iaṗet: agus rugaḋ mic ḋóiḃsin déis na dílionna.


Do Ṡem mar an cceadna, aṫair ċloinne Eber uile, dearḃraṫair laṗet an sinsior, rugaḋ fós ḋósan clann.


Do ḋénna Día Iaṗet go faireang, agus áiteoċaiḋ sé a bpuibliḃ Ṡem; agus biaiḋ Canáan na ṡeirḃíseaċ aige.


Annsa náoṁaḋ bliaḋuin do Hoseá do ġaḃ ríġ na Hassíria Samária, agus rug se Israel leis go Hassíria, agus do ṡuiġiḋ íad ann Hálah agus ann Hábor láiṁ ré haḃuinn Gósan, agus a ccaiṫreaċaiḃ na Mediteaċ.


A ṁairg ḋaṁsa, do ní coṁnuiġe a Meseċ, go coṁnuiġim a ttiġṫiḃ Cédair!


Agus cuirfiḋ mé coṁarṫa iona measc, agus cuirfe mé an ċuid raċus as díoḃ ċum na ccineaḋaċ, go Tarsis, go Pul, agus go Lud, noċ ṫairngios an boġa, go Túbal, agus go Iáḃan, gus na hoiléanuiḃ a nimċéin, naċ ccúala mo ṫúarusgḃáil, naċ mó do ċonnairc mo ġlóir; agus foillseoċad mo ġloir a measc na ngeinteaḋ.


Do ḃí Dan fós agus Iaḃán ag teaċt agus ag imṫeaċt gnoṫuiġeaċ ann háonuiġiḃ: do ḃí íarrán loínnreaċ, cassia, agus calamus, ann do ṁargaḋ.


Do buḋ línéaḋaċ mín maille ré hobair ḃróidnéireaċda ó Négipt do leaṫnuiġ tú amaċ do ḃeiṫ na ṡeól agad; an ní dfoluiġ tú ba gorm agus dearg é ó oiléanuiḃ Elisah.


Atá Meseċ annsin, Tubal, agus a hiomadaṁlaċt uile: atáid a huáiġe iona timċioll fa ccuáirt: atáid síad uile gan timċillġearraḋ, marḃ leis an ccloiḋeaṁ, bíoḋ gur ċuireadar a neagla a ttír na mbéo.


Agus tiucfa tú as háit féin as na háirdiḃ buḋ ṫuáiġ, ṫú féin, agus mórán daóine leaċd, íad uile ag marcuiġeaċt air eaċaiḃ, cuideaċta ṁór, agus slúaġ neartṁar:


A ṁic an duine, suiġiḋ do ġnúis a naġaiḋ Ġog, tír Ṁagog, áirdṗrionnsa Meseċ agus Túbal, agus tairrġir iona aġaiḋ,


Gomer, agus a nuile ḃannaḋa; tiġ Ṫogarmah do na háirdiḃ buḋ ṫuáiġ, agus a ḃannaḋa uile: agus mórán daóine maille riot.


Uimesin, ṫusa a ṁic an duine, tairrġir a naġaiḋ Ġog, agus abair, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, atáimsi ad aġaiḋsi, a Ġog, a áirdṗrionnsa Meseċ agus Túbal:


Agus raċa sé amaċ do ṁeallaḋ na gcineaḋaċ noċ atá a gceiṫre ċorruiḃ na talṁan, Gog agus Magog, ċum a gcnúsuiġ a gceann a ċéile ċum caṫa; agá ḃfuil a nuiḃir aṁuil ġaineaṁ na fairrge.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ