19 Agus do ḃí téorann na Gcanáaniteaċ o Ṡidon, mar ṫig tú go Gérar, go Gása; mar ṫéid tu go Sodom, agus go Gomorrah, agus Admah, agus Seboim, agus mar sin go Lasa.
Agus do ḃí gorta san tír, táoḃ amuiġ don ċeud ġorta do ḃí innte a láeṫiḃ Abraham. Agus do ċuáiḋ Isaac mar a raiḃ Abimeleċ riġ na Ḃṗílistíneaċ go Gerar.
Agus do lean Asa agus an ṁuinntir do ḃí na ḟoċair íad go Gérar: agus do cláoiḋeaḋ na Hétiópiġ, ionnus nar ḟeádadar íad féin do ṫárṫáil; óir do marḃaḋ íad a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ṡlóiġ; agus rugadar roṁóran éadála leó.
Bioḋ náire ortsa, a Ṡídon: óir do laḃair a nfairge, eaḋon neart na fairge, ġa ráḋ, Ní ḃfuilim ré nioḋnuiḃ, agus ní ḃeirim clann, agus ní oilim súas daóine óga, agus ní ṫeagaisgim maiġdiona.
¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.
Agus na Haḃimiġ noċ do ċoṁnuiġ ann Haserim, go nuige Assah, do ḋibreadar na Caṗtorimiġ íadsin, noċ ṫáinic amaċ as Caṗtor, agus do áitreaḃadar na nionad.
A nuáir do rann an té is ro áirde a noiġreaċd, do na cineaḋaċaiḃ, a nuáir do ḋealuiġ sé mic Aḋaiṁ, do ṡuiġiḋ sé teóronna na ndaoine do réir uiḃre ċloinne Israel.
Agus do ṡuiġeadar foslungṗort na naġaiḋ, agus do ṁilleadar biseaċ na talṁan, nó go ttí tú go Gasa, agus níor ḟágḃadar beaṫa ar biṫ ag Israel, cáoiriġ, nó daíṁ, nó assail.