Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, go ccuirfe an TIĠEARNA a láṁa rís an dara huáir do ṫárṫáil ḟuiġill na ndaóine, noċ fúigfiġear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Ṗatros, agus ó Ċus, agus ó Elam, agus ó Ṡinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuiḃ na fairge.
An focal ṫáinic go Ieremiah a ttáoḃ na nuile Iúduiġeaḋ noċ ċoṁnuiġios a ccríċ na Hégipte, noċ áitreaḃas ag Migdal, agus ag Tahpanhes, agus ag Noṗ, agus a ttír Ṗatros, ġa ráḋ,
Do ḃríġ an láe ṫig do ṁilleaḋ na Ḃṗilistineaċ uile, agus do ġearraḋ ó Ṫíor agus ó Ṡídon a nuile ċuidiġṫeaċ dá maireann: óir creáċfuiḋ an TIĠEARNA na Ṗilistiniġ, fuiġioll tíre Ċaṗtor.
Naċ ḃfuiltí mar ċloinn na Netíopeaċ ḋaṁsa, a ċlann Israel, a deir an TIĠEARNA. Naċ ttug mé Israel amaċ as críċ na Hégipte? agus na Ṗilistiniġ as Caṗtor, agus na Siríanuiġ ó Ċir?
Agus na Haḃimiġ noċ do ċoṁnuiġ ann Haserim, go nuige Assah, do ḋibreadar na Caṗtorimiġ íadsin, noċ ṫáinic amaċ as Caṗtor, agus do áitreaḃadar na nionad.