Annsin ṫangadar go Serubbabel, agus go toġa na naiṫreaḋ, agus a duḃradar ríu, Léigiḋ ḋúinne congnaṁ riḃ: óir íarramaoid ḃur Ndía, mar íarrṫaóise; agus do nímid ioḋbuirt dó ó aimsir Esarhaddon ríġ Assur, noċ ṫug annso a níos sinn.
Ní ċáoṁnoċaiḋ Assur sinn; ní ḋéanam marcuiġeaċt air eaċaiḃ: ní mó a déaram ní is mó le hobair ar láṁ, Is siḃsi ar ndéne: óir is ionnadsa do ġeiḃ an dílleaċda trócaire.
Agus fáiseoċuid síad tír na Hassíria leis an ccloiḋeaṁ, agus talaṁ Nimrod iona ḋula a steaċ: marso ṫáirṫeoċṫar sinn ó Nassiríanaċ, an tan ṫiucfas sé dar ttír, agus a nuáir ṡailteorus sé táoiḃ a stiġ dar tteórannuiḃ.
Agus tiucfuiḋ a ccríċ, an ṁéid ḟéuċfas oit go tteiṫfid síad roṁad, agus go naibeoruid, Do leagaḋ Nineḃeh na fásaċ: cía ċaóinfios í? cía as a níarrfa misi coḃarṫuiġ ḋuit?