Is uime sin goirṫear Bábel dainm ḋi; do ċionn gur ḃuaiḋir an TIĠEARNA annsin teanga an doṁuín uile: agus do spréiġ an TIĠEARNA as sin íad ar feaḋ na talṁan uile.
Agus tiucfa a ccríċ san ló sin, go ccuirfe an TIĠEARNA a láṁa rís an dara huáir do ṫárṫáil ḟuiġill na ndaóine, noċ fúigfiġear, ó Nassíria, agus ó Négipt, agus ó Ṗatros, agus ó Ċus, agus ó Elam, agus ó Ṡinar, agus ó Hamat, agus ó oiléanuiḃ na fairge.
Annsa namsin do ċuir Merodaċ‐Baladain, ṁac Baladan, ríġ na Babilóine, litreaċa agus preasanta go Heseciah: óir do ċúala sé go raiḃ sé tinn, agus go ttáinic sé as.
Ceastnuiġ, íarruim daṫċuinge ort, ris an TTIĠEARNA air ar soinne; (óir atá Nebuċadressar ríġ na Babilóine ag déanaṁ cogaiḋ oruinn); má ní an TIĠEARNA rinn do réir a uile oibreaċ iongantaċ, go raċuiḋ sé súas uáinn.
¶ Eírġiḋ súas a naġaíḋ ṫíre Merataim, agus a naġaíḋ áitreaḃṫaċ Pecod: fásaiġ agus marḃ go hiomlán na ndiáiġ, a deir an TIĠEARNA, agus déan do réir a nuile ní dar aiṫin misi ḋíot.
Agus ṫug an Tiġearna Iehoiacim ríġ Iudah iona láiṁ, maille le cuid do ṡoiṫiġiḃ ṫiġe Dé: noċ rug sé go tír Ṡinár go tiġ a ḋé féin; agus rug sé na soiġṫiġe go tiġ ionnṁuis a ḋé.
Imṫiġiḋ siḃsi go Calneh, agus feuċuiḋ; agus éirġiḋe as sin go Hemat mór: annsin imṫiġiḋ síos go Gát na Ḃṗilistineaċ: an féarr íad náid na rioġaċtasa? nó an mó a tteórainn ná ḃur tteóruinnsi?
Bíḋ a mbruid, agus sáoṫruiġ breiṫ, a inġean Sion, cosṁuil re muáoi re níoḋnuiḃ: óir a nois raċaiḋ tú amaċ as an ccaṫruiġ, agus coiṁueoċa tú anusa ṁaċaire, agus raċa tú don Ḃabilóin; annsin sáorfuiġear ṫú; annsin ḟuáisceolus an TIĠEARNA ṫú ó láiṁ do náṁad.
Agus fáiseoċuid síad tír na Hassíria leis an ccloiḋeaṁ, agus talaṁ Nimrod iona ḋula a steaċ: marso ṫáirṫeoċṫar sinn ó Nassiríanaċ, an tan ṫiucfas sé dar ttír, agus a nuáir ṡailteorus sé táoiḃ a stiġ dar tteórannuiḃ.