1 Anois a síad so geinealuiġ ṁac Naói, Sem, Ham, agus Iaṗet: agus rugaḋ mic ḋóiḃsin déis na dílionna.
Mic Iaṗet: Gomer, agus Magog, agus Madai, agus Iaḃan, agus Túbal, agus Meiseiċ, agus Tíras.
A síad so geinealaiġ na neaṁḋa agus na talṁan a nuáir do cruṫaiġeaḋ íad, annsa ló ann ar ċruṫaiḋ an TIĠEARNA Día an talaṁ agus na neaṁḋa.
A se so leaḃar geinealuiġ Aḋuiṁ. Ann so ló ionar ċruṫaiḋ Día an duiné, a ccosaṁlaċd Dé do rinne sé é;
Agus do ḃi Naói cúig ċéud blíaġan dáois: agus do ġein Naói Sem, Ham, agus Jaṗet.
A síad so geinealuiġ Naói: do ḃí Naói na ḋuine ḟiréunta agus iomlan ann a ġinealaċaiḃ, agus do ṡiuḃail Naói lé Dia.
Agus do ḃeannuiġ Día Naói agus a ṁic, agus a duḃairt riú; Biġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ, agus lionaiḋ an talaṁ.
A síad so tríur mac Naói: agus as úaṫa do lionaḋ an doṁan uile.
Agús dob íad laéṫe Naói uile, náoi ccéud agus cáogad blíaġan: agus fuair sé bás.
Agus siḃsi, bíġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ; geiniḋ go hiomarcaċ ar an ttalaṁ, agus iomaduiġiḋ ann.
Aḋaṁ, Set, Enos,
Noah, Sem, Ham, agus Iaṗet.
Leaḃar ġeinealuiġ Iósa Críosd, ṁic Ḋaiḃi, ṁic Abraham.