8 Agus do ġoir Día don ḟiormament neaṁ. Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an dara lá.
Agus do ġoir Día don úir ṫirm talaṁ, agus do ċruinniġṫiḃ na nuisgeaḋ do ġoir sé fairge; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin.
Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an treas lá.
Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an ceaṫraṁaḋ lá.
Agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an cúigéaḋ lá.
Agus do ċonnairc Día gaċ áoinní dá ndéarna sé, agus, féuċ, do ḃí go roṁaiṫ: agus do buḋ é an nóin agus an ṁaidean an seiseaḋ lá.
Agus do ġoir Día don tsolus lá, agus don dorċadus do ġoir sé oiḋċe. Agus do buḋ í an nóin agus an ṁaidean an ċéud lá.
Agus do rinne Día an ḟiormament, agus do roinn na huisgeaḋa faói an ḃfiormament ó na huisgeaḋuiḃ ós cionn na fiormamente: agus do ḃí mar sin.
Agus a duḃairt Día, Cruinniġṫear na huisgeaḋa atá fáoi neaṁ a néunáit, agus léigṫear an úir tirm leis: agus do ḃí mar sin.
Fearḋa gus bannda do ċruṫaiḋ sé íad; agus do ḃeannuiġ íad, agus do ġoír Aḋaṁ dainm ḋioḃ, annsa ló ionar cruṫaiġeaḋ íad.
An té do rinne na flaiṫis le heagna: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.
Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.