Agus a duḃairt Día, Tugaḋ an talaṁ féur, agus an luiḃ as a ttig síol, agus crann toraiḋ do ḃeir toraḋ do réir a ċinéil, a mbí a ṡíol ann féin ar an ttalaṁ; agus do ḃí mar sin.
Agus a duḃairt Día, Tugaḋ an talaṁ úaḋa créutúir beó do réir a ċinéil, áirnéis, agus gaċ ní ṡnáṁus an talaṁ, agus ainṁiḋe na talṁan do réir a ċinéil; agus do ḃí mar sin.
Má ḃíd na néulla lán dfearṫuinn, folṁuiġid íad féin air an ttalaṁ: agus ma ṫuitionn an crann buḋ ḋeas nó buḋ ṫuáiḋ, annsa náit a ttuitfiḋ ann crann, is ann ḃías sé.