Agus a duḃairt Día, Bíoḋ loċrainn a ḃfiormament neiṁe do roinn eidir an lá agus a noiḋċe; agus bídís ar son ċoṁarṫaiḃ, agus ar son aimsearuiḃ, agus ar son laiṫiḃ, agus bliaġnuiḃ:
Agus a duḃairt Dia, Tugaidís na huisgeaḋa amaċ go líonṁur an créatuir corruiġeaċ ann a ḃfuil anam, agus éunlaiṫ ḟéadfas eiteaḋ ós cionn na talṁan a ḃfiormament ṡoilléir neiṁe.
Má ḃíd na néulla lán dfearṫuinn, folṁuiġid íad féin air an ttalaṁ: agus ma ṫuitionn an crann buḋ ḋeas nó buḋ ṫuáiḋ, annsa náit a ttuitfiḋ ann crann, is ann ḃías sé.
An té ṡuiḋios ar roṫa na talṁan, agus atáid áitreaḃṫuiġ sin aṁuil dreoláin teasḃuiḋ; noċ leáṫnuiġios amaċ na neaṁa aṁuil cúirtín, agus ṡreaṫnuiġios amaċ íad aṁuil páilhúin do ḋéanaṁ coṁnuiġe:
Aċt isé an TIĠEARNA an Día fíre, isé an Día biṫḃéo, agus an ríġ siorruiḋe é: crioṫnoċuiḋ sé an talaṁ re na ḟeirg, agus ní ḟéadfuid na geinte a a ṁíċéadfa dfúlang.
Ualaċ ḃreiṫre an TIĠEARNA do Israel, a deir an TIĠEARNA, noċ ṡíneas na fiaiṫis amaċ, agus ṡuiġios bunáit na talṁan, agus ċumas spiorad an duine ann a stiġ.