Ní buḋ hé an ġrían feasda do ṡolus annsa ló; agus ní hi an ġealaċ ḃéuras solus mar loinnir ḋuit: aċt isé an TIĠEARNA ḃus solus síorruiḋe ḋuit, agus do Ḋía do ġlóir.
Agus as é so an daṁnuġaḋ, do ḃriġ go dtáinig an solus air a tsáoġal, agus gur mó ġráḋuiġeadar na dáoine an dorċadas ná an solus, ar son go ḃfuilid a noibreaċa go holc.
Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.
A rís, sgríoḃuim áiṫne núaḋ ċuguiḃ, noċ atá fírinneaċ annsan agus ionnuiḃse: óir atá an dorċadas ag imṫeaċd ṫoruinn, agus atá an solas fírinneaċ a nois ag soillsiuġaḋ.