Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 1:28 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

28 Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 1:28
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃeannaiġ Día íad, ag ráḋ, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ agus firlíonaiḋ, agus lionaiḋ na huisgeaḋa ann sna fairgiḃ, agus líonaḋ an éunlaiṫ ar an ttalaṁ.


Agus beanneoċuiḋ misi í, agus do ḃéura mé mac ḋuitsi uaiṫe: fós beanneoċuiḋ mé í, agus biáiḋ sí na maṫair ċineaḋaċ; tiucfuiḋ riġṫe cineaḋaċ uaiṫe.


Agus ar son Ismael, do ċúala mé ṫú: Féuċ, do ḃeannuiġ mé é, agus do ḋéuna mé síolṁar é, agus oirlíonfad go hiomarcaċ é; ḋá ṗrionnsa ḋéug ġeinfeas sé, agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋe.


Agus do ḃeannuiġeadur Rebeca, agus a duḃradur ría, As tú ar ndeirḃṡiúr, bí ad ṁaṫair ṁílte do ṁillíunuiḃ, agus sealḃuiġidís do ṡíol geatuiḋe an luċda lér fúaṫ íad.


Agus táinig an TIĠEARNA ċuige sa noiḋċe ceudna, agus a duḃairt, As misi Día Abraham haṫair; ná bíoḋ eagla ort, óir atáimsi maille riot, agus beinneoċuiḋ mé ṫú agus foirlíonfad do ṡíol ar son mo ṡeirḃísiġ Abraham.


Agus do ṫóg se súas a ṡúile, agus do ċonnairc na mná agus an ċlann; agus a duḃairt, Cía híad súd agud? agus a duḃairt seision, An ċlann tug Día go grásaṁuil dod ṡeirḃíseaċ.


Lé Día haṫar dá ríriḃ, noċ ċuidéoċas leaċd, agus leis a nuileċuṁaċdaċ, noċ beinneóċus tú le beannuġaḋ niṁé ṡuas, beannuġaḋ a naigéin atá a níoċdar ṡíos, beannuġaḋ na gcíoċ, agus na mbronn:


Fearḋa gus bannda do ċruṫaiḋ sé íad; agus do ḃeannuiġ íad, agus do ġoír Aḋaṁ dainm ḋioḃ, annsa ló ionar cruṫaiġeaḋ íad.


Agus tárla, a nuáir do ṫosuiġeadar na dáoine ar ṁeaduġa ar ḋruim na talṁan, agus rugaḋ inġeana ḋóiḃ,


Beir leaċd amaċ gaċ éinní béo dá ḃfuil agad, don uile ḟeóil, idir éunlaiṫ, agus áirnéis, agus a nuile ni sníġṫeaċ noċ ṡníġios ar an ttalaṁ; ionnus go síolfuid go líonṁar ar an ttalaṁ, agus go raḃaid tórrṫaċ, agus go ndeunaid iomaduġaḋ ar an ttalaṁ.


Agus do ḃeannuiġ Día Naói agus a ṁic, agus a duḃairt riú; Biġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ, agus lionaiḋ an talaṁ.


Agus siḃsi, bíġi tórrṫaċ, agus iomaduiġiḋ; geiniḋ go hiomarcaċ ar an ttalaṁ, agus iomaduiġiḋ ann.


Ammiel an seiseaḋ, Issaċar an seaċdṁaḋ, Peultai an toċdṁaḋ: óir do ḃeannuiġ Día é.


Agus do ġoir Iábes ar Ḋía Israel, ġa ráḋ, Uċ naċ beannuiġeann tú misi ḋá ríriḃ, agus mo ṫeóruinn dfairsingeaḋ, agus go mbeiṫ do láṁ liom, agus go ccuiṁdeoċṫá ar olc mé, ċor naċ goillfeaḋ sé orum! Agus do áontuiġ Día ḋó an ní díarr sé.


An ttáoḃṫa tú é, do ḃríġ gur mór a neart? nó an ḃfúigfiḋ tú do ṡáoṫar táoḃ ris?


Marsin do ḃeannuiġ an TIĠEARNA críoċ ḋeiriḋ Iób ní is mó ná a ṫosaċ: óir do ḃí ceiṫre ṁíle ḋéug cáora aige, agus sé ṁile cáṁall, agus mile cuing ḋaṁ, agus míle assal bainionn.


Beinneoċuiḋ sé íad mar an gceadna, agus méideoċaiḋ go mór; agus ní laiġdeoċaiḋ sé a neallaċ.


Is leis an TTIĠEARNA, neaṁ, na neaṁa: agus ṫug sé an talaṁ do ċloinn na ndáoine.


Molfaiḋ neaṁ agus talaṁ é, na fairgeaḋa, agus a ccorruiġionn ionnta.


Do ċuir tú é ós cionn oibreaċ do láṁ; do ċuiris a nuile ní fá na ċosuiḃ:


Na cáoiriġ uile, agus na doiṁ, fós, agus beaṫuiġ an ṁaċaire;


Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ.


Oír biáiḋ meas agum oruiḃ, agus do ḋéana mé síolṁar siḃ, agus méideoċa mé siḃ, agus daingnéoċaiḋ mé mo ċunnraḋ riḃ.


Noċ ṫoirmisgeas pósaḋ, an bíaḋ do ṡeaċna, noċ do ċrúṫuiġ Día ċum a ċaiṫṁe maille re haltuġaḋ don druing ċreideas agus agá ḃfuil fios na fírinne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ