Tugaiḋ mná, agus geiniḋ mic agus inġeana; agus tugaiḋ mná da ḃur macaiḃ, agus tugaiḋ ḃur ninġeana dfearuiḃ, ċor go mbeirid mic agus inġeana; ċor go síolfuiḋe annsin, agus naċ laiġdeoċṫaói.
Agus naċ deárna seision áon? Giḋeaḋ do ḃí fuiġioll don spiorad aige. Agus cred uime áon? As a níarrfaḋ sé síolta náoṁṫa. Uimesin taḃair aire dot spioraid, agus na déanaḋ duine ar bioṫ go fealtaċ a naġaiḋ mná a óige.
¶ Oír fíafruiġe á noís ó na laéṫiḃ do ċuáiḋ ṫort, noċ do ḃí roṁad, ón ló fár ċruṫaiġ Día an duine ar an ttaluṁ, agus fíafruiġ ón ttáoḃ go ċéile do ḟlaiṫeaṁnus, an raiḃ leiṫéid an neiṫe ṁóirsí, nó ar ċlos a leiṫéid?
Agus is aṁluiġ ḃías, a nuáir ṫiocfaid a naiṫre nó a ndearḃráiṫre do ċasaóid rinne, go naibéoram ríu, Biṫi muinntearḋa ríu air ar soinne: do ċionn nar ṡáḃálamar a ḃean féin dá gaċ nduine annsa ċogaḋ: óir ní siḃsi ṫug ḋóiḃ a nuairsi, as go mbíaḋ siḃ ciontaċ.