Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 1:26 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Agus a duḃairt Día, Déunam an duine ann ar ndeilḃ féin, do réir ar ccosaṁlaċda féin, agus bíoḋ tiġearnus aige ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn éunlaṫ an aiéir, agus ós cionn na háirnéisi, agus ós ciónn na talṁan uile, agus ós cionn ann uile neiṫe ṡnaṁuiġeaċ ṡnáṁus ar an ttalaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 1:26
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ag súd ċuguinn, déunnimne síos, agus buaiḋrim a teangaḋ, ionnus naċ dtúigfid siad glór a ċéile.


Agus as a ttalaṁ do ċum an TIĠEARNA Día a nuile ḃeiṫeaċ an ṁaċaire, agus gaċ uile éun an aéir; agus tug leis ċum Aḋaiṁ íad dá ḟéuċuin cread do ġoirfeaḋ sé ḋíoḃ; agus giḋ bé do ġoir Aḋaṁ don uile ċréatúir beó, a sé sin dob ainm ḋó.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA Día, Féuċ, atá an duine ar na ḋéunaṁ mar áon aguinn féin, dfios maiṫeasa agus uilc: agus a nois, deagla go ccuirfeaḋ a láṁ amaċ, agus go nglacfaḋ fós do ċrann na beaṫa, agus go níosfaḋ, agus go mairfeaḋ go bráṫ:


A se so leaḃar geinealuiġ Aḋuiṁ. Ann so ló ionar ċruṫaiḋ Día an duiné, a ccosaṁlaċd Dé do rinne sé é;


Giḋ bé ḋóirtfeas fuil duine, is lé duine ḋóirtfíġear a ḟuilsion: óir is a ndeilḃ Dé do rinne sé an duine.


Aċt ní abaír áoinneaċ, Cáit a ḃfuil Día mo ċrúṫuiġṫeóir, noċ do ḃeir dánta úaḋ san noiḋċe?


An ttáoḃṫa tú é, do ḃríġ gur mór a neart? nó an ḃfúigfiḋ tú do ṡáoṫar táoḃ ris?


Oír biáiḋ tú a síoṫċáin re cloċaiḃ an ṁaċaire: agus béid beaṫuiġ an ṁaċaire síoṫaċ riot.


Bíoḋ a ḟios agaiḃ gur bé an TIĠEARNA is Día: isé do rinne sinne, agus ní sinn féin; is sinne a ḋaóine, agus caóiriġ a innḃir.


Déanaḋ Israel lúaṫġáire iona crúṫaiġṫeóir: déindís clann Ṡíon sólás ann a Ríġ.


Féuċ, ag so aṁáin fuáir mé, go ndéarnuiḋ Día an duine fíréanta; aċt díarradar féin iomad smuáintiġṫe amaċ.


¶ Do ḋéanamne imle ór ḋuit maille lé fulangaiḃ airgid.


Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ.


¶ Mar an ccéadna do ċúalaiḋ mé gúṫ an Tiġearna, ġa ráḋ, Cía ċuirfeas mé uaim, agus cía raċus air ar son? Annsin a duḃairt misi, Atáimse annso; cúir misi uáit.


Aċt anois, a ṪIĠEARNA, is tú ar naṫair; is sinne an ċré, agus is tusa ar ccumadóir; agus sinne uile obair do láiṁe.


Agus anois ṫug mé na fearainnsi uile a láiṁ Nebuċadnesar ríġ na Babilóine, mo ṡeirḃíseaċ; agus ṫug mé ḋó fós beaṫuiġe an ṁaċaire dfoġnaṁ ḋó.


Do ḟreagair Iósa agus a duḃairt sé ris, Giḋ bé ġráḋuiḟeas misi, coiṁeudfuiḋ sé mo ḃriaṫar: agus gráiḋeoċuiḋ Maṫair é, agus tiocfamaóid ċuige, agus do ḋéunam coṁnuiḋe aige.


Agus do ḟreagair Iósa ḋóiḃ, Oibriġiḋ Maṫairsi gus anois, agus oibriġimsi.


Oír atá tu ag cur neiṫeaḋ núaḋ airiġe ann ar gclúasuiḃne: ar a naḋḃarsin as mían linn a ḟios dfaġáil créd as cíall dóiḃ.


Agus do rinne sé a nuile ċeinél dáoine déunḟuil aṁáin do ċum go naitéoċaidis ar ḋruím na talṁan uile, agus do ċinn sé aimsearḋa reuṁórduiġe, agus teóranna a náitreaḃaiḋsan;


Oír ní cóir don ḟior a ċeann dfolaċ, do ḃríġ gur ab é ioṁáíġ ġlóire Dé é: aċd a sí an ḃean glóir an ḟir.


Agus ar mbeiṫ ḋúinn uile, gan folaċ air ar naḋuiġ ag féuċuinn ġlóire an Tiġearna aṁuil do ḃíaḋ a sgaṫán, curṫar a náiṫearraċ croṫa sinn sa nioṁáiġ ċéudna sin ó ġlóir go glóir, ré Sbioruid an Tiġearna.


Agar ḋáll día an tsáoġailse a ninntinn noċ atá ar ḋíṫ creidiṁ, ionnus naċ bíaḋ soillse ṡoisgéil ġlórṁair Ċríosd, noċ is íoṁáiġ Dé, ag dealruġaḋ ḋóiḃ.


Agus an duine núaḋ do ċur íomuiḃ, noċ atá ar na ċrúṫuġaḋ do réir Dé a ḃfiréuntaċd agus a ḃfíornáoṁṫaċd.


Noċ atá na ioṁáiġ don Día doḟaicsiġ, na ċéidġin na nuile ċreatúr:


Agus ó ċuireaḃair an duine núaḋ iomuiḃ, noċ atá ar na aṫnúaḋuġaḋ a néolas do réir íoṁáiġe an ti do ċrúṫaiḋ é:


Oír ceannsuiġṫear, agus do rinneaḋ ceannsa ris a nadúir ḋáonna, gaċ uile nadúir ainṁinnteaḋ nallta, agus éunlaiṫe, agus na neiṫeann ṡnáṁas an talaṁ agus a nfairrge:


Do ḃeirmid ria glóir do Ḋía, agus don Naṫair; agus bímid ag mallúġaḋ na ndaóine ría, noċ do cruṫuiġeaḋ do réir ċosaṁlaċd Dé.


Oír atá tríur ar neaṁ do ní fíaḋnuise, an Taṫair, an Bríaṫar, agus an Sbiorad Náoṁ: agus atáid an tríursa na náon.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ