Agus do ċruṫaiḋ Día míola móra, agus gaċ uile ċréutúir beó ċorruiġeas, noċ tugadar na huisgeaḋa uaṫa go líonṁur do réir a ccinéil, agus gaċ uile éun sgiaṫánaċ do réir a ċinéil; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin.
Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.
Oir as beag do ḃí agad suil ṫáinig misi ċugad, agus a nois tangadur ċum ḃeiṫ iomadaṁail; agus do ḃeannuiġ an TIĠEARNA ṫú ó ṫáinig misi ċugad: agus a nois cá huáir ḋéunas mé solaṫar do mo ṫiġ féin mar an gcéadna?
Agus a duḃairt Día ris, Is misi Día uile ċuṁaċdaċ: bí siolṁar agus foírlíon; tiocfuiḋ cineaḋ agus morán do ċiniḋeaċuiḃ uáid, agus tiocfaid ríġṫe amaċ ód ḟorḋronnuiḃ;
Beir leaċd amaċ gaċ éinní béo dá ḃfuil agad, don uile ḟeóil, idir éunlaiṫ, agus áirnéis, agus a nuile ni sníġṫeaċ noċ ṡníġios ar an ttalaṁ; ionnus go síolfuid go líonṁar ar an ttalaṁ, agus go raḃaid tórrṫaċ, agus go ndeunaid iomaduġaḋ ar an ttalaṁ.
Marsin do ḃeannuiġ an TIĠEARNA críoċ ḋeiriḋ Iób ní is mó ná a ṫosaċ: óir do ḃí ceiṫre ṁíle ḋéug cáora aige, agus sé ṁile cáṁall, agus mile cuing ḋaṁ, agus míle assal bainionn.