Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Genesis 1:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ḃí an talaṁ gan ḟoirm, agus folaṁ; agus do ḃí dorċadus ar aġaiḋ an aigéin. Agus do ċorruiġ spiorad Dé ar aġaiḋ na nuisgeaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Genesis 1:2
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féuċ, is cuid dá ṡliġṫiḃ íadso: aċt cred í laġad na coda do ċlos uaḋa? aċt cía ḟéudas tóirneaċ a ċuṁaċd de ṫuigsin?


Síniḋ sé an tuaisceart amaċ tar a náit ḟoluiṁ, agus croċuiḋ sé an talaṁ ar neiṁní.


A nuáir do rinne misi néull na ċulaiḋ ḋi, agus dorċadas tiuġ na ċrisceangal di,


Do ní sé an tsliġe sóḟaicsiġ na ḋiáiġ; do ṡaóilfeaḋ neaċ an taigean do ḃeiṫ líaṫ.


Cuirir do spiorad uáid, agus cruṫuiġear íad: agus aṫnúaiḋṫear aġaiḋ na talṁan.


Ris a nduḃaigeán mar ḃrát dfoluiġ tú é: ós cionn na slíaḃ do ṡeasadar na huisgeaḋa.


An té do ṡín amaċ an talaṁ ós cionn na nuisgeaḋ: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.


Moluiḋ an TIĠEARNA ón ttalaṁ, a ḋragúna, agus a uile ḋoiṁne:


Re breiṫir an TIĠEARNA do rinneaḋ na flaiṫeaṁnuis; agus le spiorad a ḃéil a ṡlúaġ uile.


A nuáir naċ raḃadar aigéinn ann, do rugaḋ misi; a nuáir naċ raḃadar toiḃreaċa ar biṫ líonta duisge.


Mar éunuiḃ ag eitiolluiġ, is mar sin ċuiṁdeoċus TIĠEARNA na slóġ Ierusalem; agá cuṁdaċ fós sáorfa sé í, agus gaḃáil ṫairis cuiṁdeoċuiḋ sé í.


Oír is marso a deir an TIĠEARNA do ċrúṫaiġ na neaṁa; Día féin do ċum an talaṁ agus do rinne é; do ḋaingniḋ sé é, ní go díoṁaoin do ċrúṫaiġ sé é, do ċum sé é dá áitreaḃaḋ: is misi an TIĠEARNA; agus ní hé maiṫearaċ.


Dféuċ mé air an ttalaṁ, agus, ċeana, do ḃí sé gan ċuma agus folaṁ; agus ar na neaṁuiḃ, agus ní raiḃ solus ann.


Atá sí folaṁ, agus fáon, agus na fásaċ: agus leaġoiḋ an croiḋe, agus buailid na glúine a ċéile, agus atá iomad péine ann a nuile leasraċuiḃ, agus cruinniġiḋ a naiġṫe uile duiḃe.


Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.


Mar ċorruiġios an tiolar súas a nead, ṡotaloiġeas ós cionn a hóg, ṡíneas amaċ a sciaṫáin, glacuiḋ íad, omċruiḋ íad ar a sciaṫánuiḃ:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ