17 Agus do ṡuiġe Día íad a ḃfiormament neiṁe, do ṫaḃairt soluis ar an ttalaṁ.
Suiġim mo ḃoġa annsa néull, agus biaiḋ sé mar ċoṁarṫa cunnarṫa eadrum féin agus an talaṁ.
An ttug tú air an maidin ḃeiṫ ann ar feaḋ do láeṫeaḋ; agus an ttug tú ar éirġe an láe a áit daiṫmuġaḋ;
O A ṪIĠEARNA ar Ttiġearna, cred é a oirḋearca atá hainm annsa talaṁ uile! da ḃfoillsiġeann tú do ġlóir ós cionn na ḃflaiṫeas.
A nuáir ṁeasuim do ḟlaiṫis, obair do ṁéur, an ré agus na réulta, noċ do órduiġis;
Is marso a deir an TIĠEARNA; Má ḟéadann tú mó ċunnraḋ laóise do ḃriseaḋ, agus mo ċunnraḋ oiḋċe, agus naċ beiṫ lá nó oiḋċe iona am féin;
Is marso a deir an TIĠEARNA, Muna ḃfuil mo ċunraḋ ris an lá agus ris a noiḋċe, agus muna ar ċinn mé órduiġṫe neiṁe agus talṁan;
Oír is mar sin do aiṫin an Tiġearna ḋínn, ag ráḋ, Do ċuir mé ṫú mar ṡolas do na Cineaḋaċaiḃ, agus marṡlánuġaḋ go leiṫimliḃ na talṁan.