16 Agus do rinne Día ḋá lóċrann ṁóra; an lóċrann as mó do ríaġlaḋ an laói, agus an lóċrann as luġa do ríaġlaḋ na hoiḋċe: agus na réulta mar an cceadna.
Annsin ċlaóiḋfiġear an ġealaċ, agus biáiḋ náire air an ngréin, a nuáir ríġfeas TIĠEARNA na slóġ a slíaḃ Síon, agus ann Ierusalem, agus a ḃfíaġnuise a ṡeanaḋ go glórṁar.
¶ Tógḃuiġ súas ḃur súile go hárd, agus féuċaiḋ cía do ċruṫaiḋ na neiṫesi, noċ do ḃeir a slóġ amaċ le háireaṁ: goiriḋ sé uile íad as a nanmannaiḃ le méud a ċuṁaċd, óir atá sé láidir a ccuṁaċdaiḃ; ní ḟailliġionn áon é.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, noċ do ḃeir an ġrían mar ṡolus san ló, agus órduiġṫe na gealuiḋe agus na réaltan mar ṡolus san noiḋċe, an té roinneas a nfairge a núair ḃéicid a tonna; TIĠEARNA na slóġ isé a ainm:
Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.
Atá glóir ar leiṫ ag an ngréin, agus glóir ar leiṫ ag an ngealuiḋ, agus glóir ar leiṫ ag na réultuiḃ: óir atá diṫfir ġlóire eidir réult agus réult eile.
Agus deagla go ttóigfeá do ṡúile súas ċum niṁe, a nuáir do ċífeá an ġrían, agus an ġealaċ, agus na réulta, sluáġ níṁe uile, go ttáireongṫáoi ṫú ċum a naḋarṫa, agus do ḋéanaṁ serḃíse ḋóiḃ, noċ do roinn an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ċineaḋ fáoi neaṁ uile.