14 Agus a duḃairt Día, Bíoḋ loċrainn a ḃfiormament neiṁe do roinn eidir an lá agus a noiḋċe; agus bídís ar son ċoṁarṫaiḃ, agus ar son aimsearuiḃ, agus ar son laiṫiḃ, agus bliaġnuiḃ:
An feaḋ ṁairfeas an talaṁ, ní sguirfiḋ aimsir an tsíolċuir agus an foġṁar, agus an ḟuaċd agus an teas, agus an saṁraḋ agus an ġeiṁreaḋ, agus an lá agus a noiḋċe.
¶ Tógḃuiġ súas ḃur súile go hárd, agus féuċaiḋ cía do ċruṫaiḋ na neiṫesi, noċ do ḃeir a slóġ amaċ le háireaṁ: goiriḋ sé uile íad as a nanmannaiḃ le méud a ċuṁaċd, óir atá sé láidir a ccuṁaċdaiḃ; ní ḟailliġionn áon é.
Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná foġlomuiġ sliġe na ngeinteaḋ, agus ná bíoḋ anḃuáin oruiḃ fa ċoṁarṫuiḃ neiṁe; óir atáid na geinte anḃuáineaċ ṫríoṫa sin.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, noċ do ḃeir an ġrían mar ṡolus san ló, agus órduiġṫe na gealuiḋe agus na réaltan mar ṡolus san noiḋċe, an té roinneas a nfairge a núair ḃéicid a tonna; TIĠEARNA na slóġ isé a ainm:
Is marso a deir an Tiġearna DIA; Druidfiġear geata na cuirte is faide a steaċ ḟéuċus leaṫ ṡoir na sé lá oibre; aċd oisceoltar é annsa tsabbóid, agus a ló na rae nuáiḋe biaiḋ se ossuilte.
Iarruiḋ an té do ní na seaċt réulta agus Orion, agus iompoiġios scáile an ḃáis a maidin, agus do ní an lá dorċa ris a noiḋċe: noċ ġoirios air uisgeaḋuiḃ na fairge, agus ḋóirtios amaċ íad ar ġnúis na talṁan: isé An TIĠEARNA a ainm:
Agus ttiucfa a ccríċ annsa ló sin, a deir an Tiġearna DIA, go ttiuḃra misi air an ngréin dul faói san meaḋon laói, agus do ḋéana mé an talaṁ dorċa san ló ġlan:
Ar an mball ndíaiġ trioblóide na laiṫeaḋ úd bíaiḋ an ġrían ar ua ḋorċuġaḋ, agus ní ṫioḃra an ġealaċ a soillsi úaiṫe, agus tuitfid na réulta ó neaṁ, agus craiṫfiḋṫear suḃáilciḋe neiṁe.
Agus deagla go ttóigfeá do ṡúile súas ċum niṁe, a nuáir do ċífeá an ġrían, agus an ġealaċ, agus na réulta, sluáġ níṁe uile, go ttáireongṫáoi ṫú ċum a naḋarṫa, agus do ḋéanaṁ serḃíse ḋóiḃ, noċ do roinn an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ċineaḋ fáoi neaṁ uile.
Agus do ḟéuċ mé an tan do ḟosguil sé an seiseaḋ séula, agus, féuċ, do ċríoṫnuiġ an talaṁ go mór; agus do rinneaḋ an ġrían cóṁḋorċa ré héudaċ róin, agus do rinneaḋ an ġealaċ uile cósṁuil ré fuil;
Agus do ṡéid an ceaṫraṁaḋ aingeal a sdoc, agus do buáileaḋ an treas cuid don ġréin, agus an treas cuid don ġealuiḋ, agus an treas cuid do na réultuiḃ; ionnus go ndearnaḋ an treas cuid dioḃ dorċa, agus níor ḋeallruiġ an lá an treas cuid de, agus a noiḋċe mar an gcéudna.
Agus do ḟosguil sé an poll duḃaigéin; agus do éiriḋ deataċ as an bpoll, aṁuil as úaṁuiġ ṁóir ṫeineaḋ; agus do rinneaḋ an ġrían agus an taiéur dorċa ó ḋeatuiġ an ṗuill.